Tá €55 milliún á lorg ag RTÉ anois ón gcáiníocóir – €21 milliún le haghaidh táillí ceadúnais neamhíoctha, agus €34.5 milliún eile le haghaidh athchóirithe a mhol an Coimisiún ar Thodhchaí na Meán.
Beidh an craoltóir ag íoc €14milliún freisin as arduithe pá 6% leis an bhfoireann thar an dá bhliain atá romhainn faoi chomhaontú pá a comhaontaíodh ag deireadh 2022.
Anuas ar sin, thug RTÉ ardú pá 10% dá phríomhfheidhmeannaigh (senior executives) i mí Mheán Fómhair seo caite, rud a d’fhág gur tháinig ardú €10,000 go €316,000 ar phacáiste iomlán pá an iar-ardstiúrthóra Dee Forbes.
D’eisigh RTÉ a chuntais bhliantúla, a raibh moill orthu, tráthnóna De Céadaoin, ag léiriú go raibh ‘easnamh beag (modest deficit)’ de €2.8 milliún ag an gcraoltóir in 2022, an bhliain sular tháinig conspóid pá Ryan Tubridy chun cinn.
Seo i gcomparáid le €2.4 milliún breise do 2021, agus €8 milliún do 2020.
Tagann an mhoill ar eisiúint na tuarascála tar éis do Tubridy imeacht ón gcraoltóir náisiúnta i measc na conspóide faoina thuarastal agus na híocaíochtaí a fuair sé le haghaidh imeachtaí bolscaireachta Renault.
Ciallóidh socrú pá a aontaíodh leis an bhfoireann ag deireadh na bliana seo caite ardú 6% ar thuarastail thar an dá bhliain atá romhainn.
Agus beidh sé seo fós le híoc in ainneoin na deacrachtaí airgeadais atá ag RTÉ faoi láthair creidtear.
Is ionann costas na n-arduithe pá do RTÉ agus €5 mhilliún in 2023 agus €9 milliún in 2024 ach ní bheidh siad clúdaithe ag an maoiniú reatha de réir mar a dhéanann an craoltóir achomharc ar thacaíocht don Rialtas.
Tá géarchéim airgeadais ar RTÉ agus mar gheall ar an scannal íocaíochta níl go leor daoine ag íoc a dtáille ceadúnais.
Mar gheall air seo tá siad ag súil le €21 milliún a chailleadh óna chiste táille ceadúnais (licence fees) agus beidh siad ag iarraidh go n-íocfaidh an Stát as sin.
D’iarr RTÉ cheana féin ar an Rialtas €34.5 milliún breise a theastaíonn uaidh mar thacaíocht.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, áfach, go bhfuil sé ag iarraidh go ndéanfaí seiceáil neamhspleách ar fhigiúirí RTÉ ar dtús.
Ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2022, deir RTÉ gur aontaigh baill den bhord feidhmiúcháin atá anois scortha le ciorrú pá 10% roimh thús na paindéime Covid ach gur athchóiríodh é seo i Meán Fómhair 2022.
Mar chuid de seo, léiríonn an tuarascáil gur tháinig ardú ar a buntuarastal Ms Forbes go €233,000 anuraidh, i gcomparáid le €225,000 an bhliain roimhe sin. D’éirigh sí as i mí an Mheithimh mar gheall ar scannal na n-íocaíochtaí rúnda laethanta sula raibh deireadh lena téarma.
Fuair sí liúntas cairr de €25,000, agus b’ionann a ranníocaíocht pinsin agus €58,000 – méadú €2,000 ar an mbliain roimhe sin.
Tháinig méadú faoi thrí freisin ar chostais Ms Forbes in 2022 go €6,056, méadú ó €2,119 in 2021 nuair is dócha go raibh tionchar ag srianta sláinte poiblí Covid-19.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.