Is ‘obair Dé iad feisteáin marú’

Tá ‘suicide kits’ á ndíol ag ‘díoltóir nimhe ar líne’, a deir go bhfuil sé ag déanamh ‘obair Dé’

Tá Kenneth Law cúisithe i gCeanada, tá 88 bás sa Bhreatain ceangailte lena dhíolacháin agus deir sé go bhfuil obair Dé á déanamh aige.

Níos luaithe an samhradh seo, rinne teaghlach sna Stáit Aontaithe iarracht cás cúirte a thógáil i gcoinne díoltóra ‘suicide kits’ ar líne.

Rinne said é sin tar éis do bheirt dá bpáistí sna déaga bás a fháil ag baint úsáide as feisteáin féinmharaithe (suicide kits) a cheannaigh siad ar an suíomh.

Mar sin féin, theip ar an cás.

An tseachtain seo caite sheol an National Crime Agency (NCA) sa Bhreatain imscrúdú ar an gcuideachta atá nasctha leis an gcócaire Cheanada Kenneth Law.

Tá suas le 88 féinmharú á nascadh le ceimiceáin a dhíol Law, ar a dtugtar ‘díoltóir nimhe ar líne’.

Tá sé cúisithe as na feisteáin a sholáthar do dhaoine ar fud an domhain agus as comhairleoireacht agus cuidiú le féinmharú.

Dúirt Law le meáin Cheanada roimhe seo go raibh ‘obair Dé’ á déanamh aige.

Dúirt sé le tuairisceoirí: ‘Nílim ach ag díol táirge. B’fhéidir gur mhaith libh stop a chur le daoine a bheith ag ceannach sceana agus gunnaí.’

Gardai Garda Car 3 1168x681 1

An tseachtain seo caite, tháinig Law sa chúirt i Brampton, Ontario, sular cuireadh an éisteacht ar atráth go 8 Meán Fómhair.

San iomlán aithníodh 272 duine sa Bhreathain a cheannaigh táirgí ó na láithreáin ghréasáin i dtréimhse dhá bhliain suas go dtí Aibreán.

Dúirt an NCA go bhfuil 88 de na daoine sin básaithe, ach ‘ag an gcéim luath seo níl aon naisc dheimhnithe idir na hearraí a ceannaíodh ó na láithreáin ghréasáin agus cúis an bháis in aon cheann de na cásanna seo’.

Dúirt leas-stiúrthóir an NCA, Craig Turner: ‘Tá ár gcomhbhrón ó chroí le muintir na ndaoine a fuair bás.

‘Tá siad ag fáil tacaíochta ó oifigigh atá oilte go speisialta.

Kenneth Law
Kenneth Law

‘I gcomhairle le Seirbhís Ionchúiseamh na Corónach, tá an cinneadh glactha ag an NCA imscrúdú a dhéanamh ar chionta coiriúla féideartha a dhéantar sa Bhreatain. Tá an oibríocht seo ar siúl.’

Tá an cheist á scrúdú faoi láthair ag an gCoiste Oireachtais um Bás Chuidithe (Assisted Dying) in Éirinn, le Michael Healy-Rae mar chathaoirleach.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram