Gearr an ‘red tape’ agus cruthaigh poist lánaimseartha, deir múinteoirí

23/08/2023

Níos mó ná 400 post múinteoireachta dara leibhéal folamh seachtain sula n-osclaítear scoileanna

Níl ár bpáistí ag fáil an oideachais atá de dhíth orthu mar gheall ar ró-oifigiúlachas (red tape) an Rialtais agus an iomarca múinteoirí páirtaimseartha, a deir múinteoirí

Le níos mó ná 400 post múinteoireachta dara leibhéal folamh seachtain sula n-osclaítear scoileanna, tá sé ráite ag múinteoirí cad atá le déanamh ag an Rialtas chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí oideachas ceart.

Norma Foley
Norma Foley

Dúirt Paul Crone, stiúrthóir ar Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (National Association of Principals and Deputies), go bhfuil siad ag lorg múinteoirí go príomha in ábhair ar nós eacnamaíocht bhaile, adhmadóireacht, miotalóireacht, matamaitic, Gaeilge agus teangacha iasachta.

SCÉAL EILE:
Laghdaigh costais bia nuair a théann na leanaí ar ais ar scoil

‘Tá imní mhór i mBaile Átha Cliath agus i scoileanna criosanna comaitéireachta (commuter belts), go háirithe.

‘Ó labhairt le príomhoidí an tseachtain seo, tá go leor ag athrú a n-amchláir scoile nó ag féachaint ar na roghanna go léir atá ar fáil chun ranganna a líonadh, mar an scéim síneadh múinteoirí [a ligeann do mhúinteoirí uaireanta breise a oibriú] nó múinteoirí neamhcháilithe a úsáid in ábhair áirithe’ a dúirt sé.

Múinteoirí á lorg
Múinteóirí á lorg

Is eol freisin go bhfuil mic léinn á dteagasc ag múinteoirí difriúla le linn a gcuid staidéir mar gheall ar fhadhbanna leanúnacha.

Ní hé seo an bealach is fearr chun páistí a mhúineadh áfach agus deir Aontas Múinteoirí Éireann (Teachers union of Ireland, TUI) go gcaithfidh an Rialtas níos mó postanna lánaimseartha a cheadú agus fáil réidh leis an maorlathas (bureaucracy) a stopann múinteoirí atá imithe thar lear ó theacht abhaile.

SCÉAL EILE:
1,200 múinteoir scoile ag teastáil

Dúirt an TUI go gcaithfidh an Roinn Oideachais a fhógairt láithreach go gceadóidh siad do scoileanna múinteoirí a fhostú ar bhonn buan tar éis an scoithphointe traidisiúnta ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

‘Tá scoileanna ag streachailt le géarchéim fíor-thromchúiseach earcaíochta (recruitment) agus coinneála múinteoirí,’ a dúirt uachtarán an TUI Liz Farrell.

‘Tá sé in am anois cur chuige iomlán nua a bheith ann maidir le hearcú múinteoirí ionas go mbeidh Éire in ann dul san iomaíocht do dhaoine, atá ag breathnú níos mó ar roghanna idirnáisiúnta,’ a dúirt sí.

school kds 2 768x448 1

Tá an TUI ag iarraidh:

• Níos mó múinteoirí lánaimseartha agus post buan;

• Na deiseanna gairme a gearradh siar a thabhairt ar ais;

• An cháilíocht dhá bhliain a theastaíonn le bheith i do mhúinteoir dara leibhéal a ghearradh go bliain;

• Gearr rómhaorlathas roimh mhúinteoirí Éireannacha atá ag obair thar lear agus atá ag iarraidh bogadh abhaile..

D’admhaigh an Roinn Oideachais go bhfuil fadhbanna fós ann maidir le múinteoirí a aimsiú.

Dúradh go raibh tacaíochtaí breise i bhfeidhm d’iar-bhunscoileanna, ina measc scéim phíolótach um roinnt múinteoirí a ligeann do dhá scoil comhoibriú ar ábhair áirithe.

I measc na mbeart eile tá clár breisoiliúna chun líon na múinteoirí Gaeilge a mhéadú agus chun spreagadh a thabhairt do mhúinteoirí scortha glacadh le poist gearrthéarmacha.

SCÉAL EILE:
Seacht mbealach chun imní leanaí a mhaolú agus iad ag filleadh ar scoil

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón suíomh gréasáin earcaíochta oideachais educationposts.ie gur fógraíodh 416 post múinteoireachta iar-bhunscoile gan líonadh.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley le déanaí go raibh deacrachtaí ann foireann a earcú thar gach earnáil den gheilleagar agus gur cruthaíodh an líon is airde post múinteoireachta san earnáil oideachais le déanaí.

SCÉAL EILE:
Réabhlóid i scoileanna Phort Láirge i gcoinne fhóin phóca

‘Ní raibh níos mó múinteoirí againn riamh agus ní raibh níos mó foirne riamh againn san earnáil oideachais, le níos mó ná 4,000 post curtha ar fáil ag an mbunscoil agus ag an iar-bhunscoil,’ a dúirt sí.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram