Tá dul chun cinn mór á dhéanamh ag bunscoileanna i bPort Láirge dá bpáistí thar fhóin phóca, de réir tuairisce san Irish Examiner.
Is é an chéad chontae in Éirinn é ina n-iarrfaidh gach bunscoil ar thuismitheoirí gan fón póca a thabhairt dá bpáistí.
Tagann an plean i measc imní idirnáisiúnta agus Éireannach atá ag méadú faoin tionchar a bhíonn ag fóin ar shláinte mheabhrach agus fhisiciúil leanaí.
Tá an grúpa ag obair ar an tionscnamh leis an gcarthanacht náisiúnta leanaí Barnardos.
Agus an téarma scoile nua ag tosú go luadh, tá bunscoileanna le cairt (charter) nua a thabhairt isteach, ag iarraidh ar thuismitheoirí gan rochtain (access) a cheadú dá bpáistí ar fhóin phóca, ar na meáin shóisialta, agus ar chluichí a bhfuil srian aoise orthu agus iad sa bhunscoil.
Tacóidh gach scoil sa chathair agus sa chontae le tuismitheoirí an cinneadh sin a dhéanamh freisin.
Dúirt príomhoide Scoil Náisiúnta Portlach (Portlaw National School), Brian Barron, go bhfuil imní mhéadaithe ann go bhfuil leanaí ag éirí neamhghníomhach mar gheall ar an iomarca ama a chaitheamh ar scáileáin.
Is cúis mhór imní do thuismitheoirí le daltaí óga í an chibearbhulaíocht (cyberbullying) freisin, a deir sé, agus tá scoileanna ar an eolas le fada faoi na saincheisteanna a bhaineann le húsáid mhíchuí na meán sóisialta.
‘Le na meáin shóisialta, táimid ag nochtadh ár bpáistí d’ábhar míchuí agus trioblóideach go minic nach bhfuil siad réidh le déileáil leis.’
Bhí tionchar ag rath na dtuismitheoirí in ocht scoil ar fud na gCloch Liath (Greystones) i gCo. Chill Mhantáin (Wicklow) ar phlean Phort Láirge.
Tháinig na scoileanna i bPort Láirge le chéile níos luaithe i mbliana chun obair a dhéanamh ar an bhfeachtas.
Dúirt an tUasal Barron gur shíl sé ar dtús go mb’fhéidir go mbainfeadh an togra go príomha le scoileanna cathrach ach dúirt sé: ‘Is ó scoileanna beaga beirte, scoileanna cathrach, scoileanna measctha, buachaillí, cailíní, agus is mar a chéile na scéalta go léir. Tá gach duine ag déileáil leis na ceisteanna céanna.’
Dúirt príomhoide bunscoile St Ursula’s, Triona Daly, go gcreideann sí go bhfuil sé ‘riachtanach’ an chairt seo a thabhairt isteach.
‘Níos mó agus níos mó, tá leanaí óga ag fulaingt ó fhadhbanna imní,’ a dúirt sí.
‘Tá sé feicthe agam féin go bhfuil go leor de na ceisteanna seo mar gheall ar thionchar na meán sóisialta.
‘Le cúpla bliain anuas, tá leanaí bunscoile ag cur saincheisteanna i láthair a measadh roimhe seo mar cheisteanna níos mó do dhéagóirí. Tá féindochar (self-harm) agus cibearbhulaíocht ann mar fadhbanna a mbíonn muid ag déileáil leo ar bhonn rialta.’
Dúirt an tUasal Barron go bhféadfadh sé a bheith an-deacair do thuismitheoirí gan é a rá le fóin chliste ina n-aonar, go háirithe nuair a bhíonn fóin ag páistí eile sa rang agus iad ar na meáin shóisialta.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.