Shíl Dáithí go raibh sé i dtrioblóid le Kathryn

16/08/2023

Tá Dáithí sásta anois lena chomh-óstach ar Rós Thrá Lí  ach níl Ray D’Arcy cinnte an n-oibreoidh an fhormáid nua

Shíl Dáithí Ó Sé go raibh sé i dtrioblóid nuair a fuair sé amach go mbeadh comh-óstach aige do Rós Thrá Lí na bliana seo.

Fillfidh an comórtas bliantúil an tseachtain seo chugainn, agus don chéad uair ní bheidh Dáithí leis féin.

Rachaidh Kathryn Thomas in éineacht leis le haghaidh dualgais óstaigh.

Dáithí agus Kathn agus na Rósanna
Dáithí agus Kathn agus na Rósanna

Cé go bhfuil fáilte curtha ag Dáithí roimh an athrú, dúirt sé go raibh sé rud beag buartha faoi nuair a chuala sé é ar dtús.

‘D’fhiafraigh mé, “An ndearna mé rud éigin mícheart?” a dúirt Dáithí leis an RTÉ Guide.

‘Theastaigh ón boss é a aistriú go céim eile. Dúirt sé nach raibh rud ar bith mícheart a rinne mé agus nuair a fógraíodh Kathryn Thomas mar chomh-óstach, bhí mé cinnte go n-oibreodh sé,’ a dúirt Dáithí.

‘Creideann siad freisin go gcuirfidh an t-athrú a thuilleadh leis na figiúirí lucht féachana.

‘Ar aon nós, tá mé tar éis glacadh leis,’ a dúirt sé.

Rós Thrá Lí
Rós Thrá Lí  

Labhair Kathryn go dearfach freisin faoin athrú, ag rá go bhfuil Rós Thrá Lí tar éis ‘nuachóiriú’ a dhéanamh le himeacht ama.

‘Sílim go gceapann daoine b’fhéidir nach bhfuil sé thar a bheith ábhartha, ach is dóigh liom nach raibh tráth níos tábhachtaí riamh chun é a chuir ar fáil,’ a dúirt sí.

‘Tá muid ag ceiliúradh 32 ban éagsúil ó ar fud na cruinne, a gcuid éachtaí, a ndifríochtaí agus a muinín.’

Cé nach bhfuil leagan amach chlár na bliana seo le fios, dúirt Dáithí go mbeidh Rose amháin ar an stáitse le láithreoir amháin ag an am.

Mar sin féin, tá an fhormáid ceistithe ag an iar-óstach Ray D’Arcy.

Kate Heneghan, Rós Maigh Eo
Kate Heneghan, Rós Maigh Eo

‘Níl a fhios agam conas a dhéanfar é a struchtúrú. Tá sé sin suimiúil,’ a dúirt Ray le podchraoladh Jenny agus Mairéad Now.

‘Beirt ar an stáitse ag cur agallamh ar dhuine amháin, ní dóigh liom go n-oibreoidh sé sin.

‘Malartach… ní dóigh liom go n-oibreoidh sé sin ach an oiread mar cé go gcinntear an toradh go hiondúil ar agallaimh a bheith ag na breithiúna leis na Rósanna, agus go mbíonn roinnt acu sin thar na 10 lá nó pé rud, beidh daoine sa bhaile fós ag smaoineamh go mb’fhéidir go bhfuil tú faoi bhuntáiste nó faoi mhíbhuntáiste agus Dáithí nó Kathryn faoi agallamh.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram