Tá pleananna chun MetroLink a fhorbairt i mBaile Átha Cliath i mbaol moilliú mar gheall ar ‘aighneachtaí neamhchabhrach (unhelpful submissions)’ ó chomhlachtaí Stáit, de réir oifigigh iompair.
Táthar ag súil go soláthróidh an tionscadal, a bhfuil géarghá leis, córas iompair phoiblí nua-aimseartha do mhuintir na cathrach, agus do chuairteoirí (visitors).
Deirtear go bhfuiltear ag súil go gcosnóidh sé níos mó ná €10billiún ach go bhféadfadh an costas a bheith chomh mór le €23 billiún.
Fuair sé faomhadh (approval) ón Rialtas i mí Iúil anuraidh.
Mar sin féin, tá an Irish Daily Mail ag tuairisciú anois go bhfuil aighneachtaí (submissions) chuig an mBord Pleanála á ndéanamh ag institiúidí an Stáit – ina measc tá oibreoir Aerfort Bhaile Átha Cliath Seirbhísí Aerfort Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath Teoranta (DAA), Oifig na nOibreacha Poiblí (Office of Public Works) agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (National Parks and Wildlife Service, NPWS).
Tá Bonneagar Iompair Éireann (Transport Infrastructure Ireland, TII) i gceannas ar an tionscadail agus deir siad go bhféadfadh na hagóidí moil a chur ar an bplean a cheadú.
Caithfidh siad ‘ordú iarnróid’ a fháil, atá cosúil leis an gcead pleanála ón mBord Pleanála sular féidir tús a chur le tógáil ar aon bhonneagar traenach (rail infrastructure) nua.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Faitíos faoi shaolta na gcúigear ar an mini-sub Titan ag an Titanic
Léiríonn doiciméid a fuarthas faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise (Freedom of Information) gur scríobh príomhfheidhmeannach TII Peter Walsh i mí Aibreáin chuig Ken Spratt, ard-rúnaí na Roinne Iompair, faoi na haighneachtaí.
Dúirt sé go raibh ‘díomá air a dhearbhú’ gur chuir comhlachtaí Stáit ‘aighneachtaí neamhchabhrach’ chuig an mBord Pleanála.
Dúirt sé gur ardaigh an DAA fadhbanna tromchúiseacha leis an tionscadal. Is é sin an eagraíocht a bhainistíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath, atá ag brath ar Metrolink chun forbairt.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH
https://extrag.ie/2023/06/22/nuacht/bru-ar-an-uachtaran/
I measc na ndaoine eile a d’ardaigh fadhbanna bhí Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus an tAonad Iarratais ar Fhorbairt (Development Application Unit, DAU) den tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (National Parks and Wildlife Service, NPWS).
Scríobh sé go bhféadfadh ar a laghad a bheith mar thoradh ar gach ceann de na haighneachtaí go mbeadh ar chigire an Bhoird Pleanála é a bhreithniú agus tuilleadh eolais a chur ar fáil agus go gcuirfeadh sé sin moill ar an tionscadal.
Mar shampla, dúirt sé go mbeadh ‘athdhearadh iomlán ar an stáisiún aerfoirt molta’ ag teastáil ón aighneacht ón DAA.
Tá sé ag iarraidh anois ar TII ‘treoir’ a fháil ón Roinn Iompair maidir le conas na fadhbanna seo a réiteach agus mhol sé gur cheart cruinniú a bheith ann idir na hAirí (ministers) atá freagrach as na chomhlachtaí Stáit atá i gceist.
D’fhreagair an tUasal Spratt, an mhí seo caite, go rachadh an Roinn i dteagmháil leis na ‘geallsealbhóirí ábhartha (relevant stakeholders)’ go léir.
D’ardaigh Oifig na nOibreacha Poiblí imní faoi stáisiún beartaithe ag Faiche Stiabhna (St Stephen’s Green), agus luaigh an NPWS an stáisiún sin agus láithreán eile ag Ospidéal an Mater.
Tá MetroLink mar chuid de phleananna an Rialtais le deich mbliana ar a laghad. Tá sé mar aidhm aige 30 traein in aghaidh na huaire a bheith ag rith i ngach treo.
Dúirt urlabhraí de chuid an DAA go dtacaíonn siad go hiomlán le plean MetroLink agus go bhfuil caidreamh dearfach acu leis an Údarás Náisiúnta Iompair (National Transport Authority) faoin tionscadal.
Dúirt siad go raibh siad ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh aon tionchar ar oibriú sábháilte agus éifeachtach an aerfoirt san fhadtéarma.
Dúirt urlabhraí don NPWS nach bhfuil sé cothrom ná cruinn an t-aighneacht de mhionsonraí casta teicniúla a laghdú go dtí abairt amhain.
Dheimhnigh an OPW go raibh ‘aighneachtaí mionsonraithe’ déanta acu chuig ABP an 16 Eanáir i mbliana.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Iompair go bhfuil meas ag an Roinn ar an bpróiseas reachtúil comhairliúcháin (statutory consultation process).
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.