Faitíos faoi shaolta na gcúigear ar an mini-sub Titan ag an Titanic

Tá faitíos faoi shaolta na gcúigear fear ar an mhion-fomhuireán (mini-sub) Titan maidin Déardaoin.

Bhíothas ag súil go mbeadh an soláthar aeir críochnaithe ag thart ar 10 a chlog ar maidin (am in Éirinn) – ach deir saineolaithe nach am cruinn é sin.

Chualathas torainn sa cheantar agus spreag sé sin na tarrthóirí (rescuers) chun smaoineamh go bhféadfadh an cúigear fear a bheith beo.

Mar sin féin, tá sé ráite ag Garda Cósta SAM nár aithin siad foinse na dtorainn faoi uisce agus iad ag cuardach in aice le longbhriseadh (wreck) an Titanic.

Titanic Tourist Sub 2 1168x681 1

‘Níl a fhios againn cad iad, chun a bheith macánta leat,’ a dúirt an Captaen Jamie Frederick.

Agus thug iarcheannasaí fomhuirí núicléach Cabhlach (Navy nuclear submarine) na Stát Aontaithe David Marquet rabhadh go bhféadfadh sé nach bhfuil na fuaimeanna ag teacht ón Titan.

‘Ní dóigh liom go bhfuil na fuaimeanna ag teach ón Titan, d’fhéadfadh gur fuaimeanna nádúrtha iad,’ a dúirt sé.

‘Tá torann á chloisteáil againn agus tá níos mó long ag teacht isteach sa cheantar, agus ansin tá níos mó torainn le cloisteáil againn, agus ní dóigh liom gur comhtharlú (coincidence) é sin,’ a dúirt sé leis an BBC.

Creideann an Captaen Marquet go bhfuil an seans go mairfidh (survive) daoine ar bord íseal ach go bhfuil méadú beag tagtha ar sin, toisc go bhfuil an trealamh is gá chun an Titan a ardú ar a bhealach go dtí an ceantar anois.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Comhlachtaí Stáit ‘ag cur forbairt tapa MetroLink i mbaol’

‘Beidh sé iontach gar (desperately close) mar ní mór é a aimsiú go tapa,’ a dúirt sé.

Dúirt iar-tumadóir (diver) de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe, áfach, go bhfuil cúis dóchais ann go fóill fiú má tá an spriocdháta 10rn imithe.

Dúirt an Captaen Bobbie Scholley: ‘Tá gach duine dírithe ar an bhfuinneog 96 uair an chloig (ón uair a chuaigh an Titan amach ar Dé Domhnaigh) don tacaíocht saoil atá á thabhairt acu don chriú, ach ní uimhir chruinn é sin agus tá a fhios agam nach bhfuil na foirne cuardaigh dírithe ar sin a bheith ina uimhir chruinn.’

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá Taylor Swift ag teacht – agus seo an bealach le clárú le haghaidh ticéid an tseachtain seo

Tá an billiúnaí Briotanach (British billionaire) Hamish Harding agus ceathrar eile ar cuairt ar longbhriseadh (wreck) an Titanic atá ceithre chiliméadar faoi barr an Aigéin Atlantaigh.

Tá siad i bhfomhuireán beag bídeach d’arb ainm Titan.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH
https://extrag.ie/2023/06/22/nuacht/bru-ar-an-uachtaran/

Duine eile atá ar bord is ea Paul Henry Nargeolet, iar-cheannasaí cabhlach na Fraince (French navy).

In éineacht leo tá príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir OceanGate Expeditions, Stockton Rush, chomh maith le fear gnó Pacastánach Shahzada Dawood agus a mhac, Suleman.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram