Brú ar an Uachtarán as an ‘defence forum’ a cháineadh

Tá níos mó brú tagtha ar an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn ó labhair sé amach faoi fhóram (defence forum) cosanta an Rialtais.

Dúirt urlabhraí dlí agus cirt de chuid Fhianna Fáil, Jim O’Callaghan, gur féidir le huachtaráin iad féin a chur in ‘áit fealltach (treacherous positon)’ má dhéanann siad idirghabháil (intervene) i gcúrsaí polaitíochta conspóideacha.

Dúirt sé go bhfuil ‘leas (benefit) ag baint le bheith níos ‘cúramach i dtuairimí poiblí.

Dúirt an tUasal O’Callaghan, cé nár thrasnaigh an tUachtarán aon líne, gur ‘easaontaigh sé leis an méid a dúirt sé’.

Jim O'Callaghan ag caint faoin Uachtarán
Jim O’Callaghan ag caint faoin Uachtarán

Dúirt sé: ‘Is é an míbhuntáiste a bhaineann le haon uachtarán é seo a dhéanamh ná go dtéann tú isteach sa saol pholaitiúil, agus dá mhinice a dhéanann tú é, is mó an seans go mbeidh ort leithscéal a ghabháil nó deileáil leis an rud a dúirt tú,’ dúirt sé.

‘Mar sin, is seasamh fealltach é. Agus freisin, má thagann an tUachtarán amach agus rud éigin conspóideach a rá go poiblí, tá daoine eile i dteideal freagra a thabhairt air, mar a rinne an Tánaiste.

Cháin an tOllamh John O’Brennan, acadúil atá ag obair ar pholasaí eachtrach agus saincheisteanna cosanta, idirghabháil an Uachtaráin freisin.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Úinéir caifé mór le rá Izz Café ag ceiliúradh a shaoránacht le cúpla focal Gaeilge

Scríobh sé: ‘Ba é an rud a rinne an tUachtarán Higgins ná an domhan casta sin de dhúshláin slándála atá ann cheana féin, agus atá ag teacht chun cinn, a laghdú go híomhá thar a bheith aontoiseach faoin shlándáil a bheith mar rud mhíleata go príomha, nó fiú go hiomlán.

Bhí sé míthreorach go bunúsach.’

Bhí sé ag labhairt tar éis don Uachtarán idirghabháil a dhéanamh ar pholasaí eachtrach agus cosanta na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí sé seo roimh fhóram an Rialtais ar cheisteanna cosanta, atá ar siúl an tseachtain seo.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Rialtas le híoc as tuilleadh cúrsaí leighis agus altranais sna coláistí

D’eisigh an tUachtarán leithscéal poiblí as a ‘throwaway remark’ faoi chathaoirleach an fhóraim Louise Richardson.

Ina agallamh leis an Business Post an deireadh seachtaine seo caite, thug an tUasal Higgins foláireamh maidir le bogadh ó pholasaí traidisiúnta na hÉireann maidir le ‘neodracht dhearfach (positive neutrality)’.

Dúirt sé go bhfuil Éire ‘playing with fire’ le linn tréimhse chontúirteach.

Chosain an Tánaiste Micheál Martin a chinneadh an fóram a thionól ó shin.

Dúirt sé go bhfuil gá leis mar gheall ar an athrú atá tagtha ar chúrsaí idirnáisiúnta ó thug an Rúis ionradh ar an Úcráin.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram