Tá cur síos déanta ar Sheán Keane ó na Chieftains, atá ar shlí na fIrinne, mar ‘beacon dár n-ealaín traidisiúnta’.
Tá ómós tugtha ag an-chuid daoine don fidléir a fuair bás Dé Domhnaigh.
Dúirt a theaghlach gur fuair sé bas ina theach, gan choinne.
Bhí sé na bhall de Cheoltóirí Cualann sna 1960idí agus chuaigh sé isteach sna Chieftains i 1968.
Thaifead sé freisin albam aonair, Seán Keane, agus albam le Matt Molloy, a bhi sa Chieftains leis.
Chuir a dheartháir James ómós ar na meáin shóisialta.
Scríobh sé: Tá an brón an-dáiríre. Fuair mo dheartháir mór cineálta, agus iontach ag seinm fidil, bás gan choinne ina theach i Ráth Cúil (Rathcoole), Co. Bhaile Átha Cliath ar maidin.’
Chuir Ambasadóir na Stáit Aontaithe in Éirinn Claire Cronin post ar Twitter: ‘Díreach seachtainí ó shin, sheinn Seán don Uachtarán Biden i mBéal an Átha (Ballina).’
Bhí ‘mothúcháin láidir ag an tUasal Biden tar éis na Chieftains a fheiceáil le chéile arís don uair dheireanach,’ a scríobh sí.
‘Mar gheall ar ghairm iontach Sheáin bhí sé ag seinm leis na ceoltóirí is fearr ar domhan, agus ghnóthaigh sé 6 ghradam Grammy le The Chieftains, ag tabhairt ceol traidisiúnta na hÉireann chuig lucht féachana nua sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain.
‘Suaimhneas síoraí dó.’
Chuir an Ceoláras Náisiúnta (National Concert Hall, NCH) síos ar Keane, a d’fhás aníos i nDroimneach (Drimnagh), Baile Átha Cliath 12, mar ‘cheoltóir cumasach a sháraigh a cheol teorainneacha cultúrtha agus a spreag éisteoirí ó gach cearn den domhan’.
Chuir siad suas ar Twitter: ‘Táimid thar a bheith brónach a chloisteáil faoi bhás Sheáin Keane.’
I ráiteas, dúirt Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann (Irish Traditional Music Archive) go raibh an eagraíocht ‘brónach’ le fáil amach faoina bhás.
Dúirt siad: ‘Thug a sheinm fhidil chumhachtach íontas teicniúil le chéile le tuiscint thar a bheith léargasach ar na rudaí a rinne ceol traidisiúnta na hÉireann go sainiúil álainn.
‘Bhí sé ina beacon ar ár n-ealaín traidisiúnta.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.