Tháinig sagart Éireannach ar bhealach úrnua chun aifreann a rá. Bhain sé úsáid as a teach tábhairne áitiúil, toisc nach bhfuil cead aige dul isteach ina shéipéal féin.
Ní nach ionadh mar sin gur tháinig na sluaite go dtí an beár i gcathair Lucsamburg, nuair a bhí an aifreann á chéiliúradh ag an tAthair Michael Cusack.
Líonadh beár Eirelux le daoine tar éis don Athair Cusack iarraidh ar na húinéirí, Vincent agus Adrienne Clarke, an bhféadfadh sé a dteach tábhairne a úsáid.
Rinne sé an t-iarratas aisteach tar éis a shéipéal féin a dhúnadh le haghaidh athchóirithe fairsinge (extensive renovations) a d’fhéadfadh leanadh ar aghaidh chomh fhada le sé bliana.
Nuair a Vincent agus Adrienne Clarke nach raibh an tAthair Michael ag magadh d’aontaigh siad ligean dó an béar a úsáid.
Dúirt an tAthair Michael Raidió LMFM: ‘Tá mé i mo chónaí i Mainistir na Slánaitheoir (Redemptorist Monastery) ach tá an séipéal dúnta le haghaidh athchóirithe ag an stát.
‘I láthair na huaire tá seandálaithe (archaeologists) istigh ann ag iarraidh a fháil amach an bhfuil aon bhallaí cathrach faoin séipéal agus caithfear na hiniúchtaí seo a dhéanamh sular féidir tús a chur le hoibreacha mar is foirgneamh an-sean é.
‘Mar sin de chiallaigh an dúnadh gur díláithríodh (displaced) muid. Tá suas le 1,000 duine sa ghrúpa Caitlicigh a labhraíonn Béarla.
‘Chaith muid dhá dheireadh seachtaine i dteach tábhairne Éireannach, buíochas le Vincent agus Adrienne Clarke a d’oscail a ndoirse domsa agus dár bpobal le buíochas.
‘Bhí aifreann againn ansin ar feadh dhá Dhomhnach agus ansin, sílim gur leor sin chun náire a chur ar an Deoise (Diocese) ag iarraidh áit nua a fháil dúinn.’
Rinne an sagart magadh ‘nár d’iompaigh sé uisce ina fhíon mar sin’.
Agus cé gur dúnadh an beár de ghnáth ar an Domhnach, cheiliúir an pobal agus a n-óstach aifreann deiridh le cúpla deoch ina dhiaidh sin.
Dúirt Vincent agus Adrienne Clark go raibh an tAthair ar ais, am ar bith.
‘Tá fáilte roimh Mhicheál ar ais má bhíonn sé de dhíth orthu riamh,’ dúirt siad.
Dúirt siad: ‘Rinne sé socrú le séipéal ina dhiaidh sin ach tá a fhios aige go bhfuil muid anseo má theastaíonn sé uainn arís’.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.