Tá sé ráite ag Joe Biden go gcaithfidh an Bhreatain oibriú níos fearr le hÉirinn chun comhroinnt cumhachta (power-sharing) a athbhunú sa Tuaisceart agus infheistíocht a fháil ó na céadta comhlacht sna Stáit Aontaithe.
Ina óráid stairiúil sa Dáil, dúirt Uachtarán Mheiriceá go bhfuil ‘na céadta corparáidí Meiriceánacha’ réidh le tacaíocht a thabhairt don Tuaisceart ach go bhfuil siad ‘aireach (cautious) mar nach bhfuil na hinstitiúidí i bhfeidhm’.
NÍOS MÓ FAOI BIDEN CLIC ANSEO:
Cúpla focal i nGaeilge ón Uachtarán Joe Biden
in óráid lán le greann, paisean agus féidearthachta
Dúirt an tUasal Biden: ‘Sílim gur cheart don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair níos dlúithe (closer) le hÉirinn san iarracht seo.
‘Ní ceadmhach go deo ligean d’fhoréigean polaitiúil greim a fháil ar an oileán seo arís.’
Laethanta tar éis a chruinnithe le príomh-aire na Breataine Rishi Sunak i mBéal Feirste, d’úsáid an tUasal Biden a óráid chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a gcaithfidh an Ríócht Aontaithe cuidiú le comhroinnt cumhachta a athbhunú i Stormont.
‘Tá an tsíocháin luachmhar (precious). Tá a seaimpíní fós ag teastáil uaidh. Ní mór é a chothú (nurture) go fóill,’ a dúirt sé.
NÍOS MÓ FAOI BIDEN CLIC ANSEO:
‘An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas
do chosa thú’ … Luaigh Joe Biden seanfhocal Gaeilge
le léiriú cé chomh sásta agus a bhí sé a bheith in Éirinn
Ina óráid luaigh an tUasal Biden filíocht, dúirt sé cúpla focal i nGaeilge, roinn sé fís don chaidreamh SAM-Éireannach agus rinne sé ceiliúradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta; agus d’athdhearbhaigh (reiterated) sé go bhféadfaí ‘an fás ollmhór eacnamaíochta a luathú (accelerate)’ do dhaoine óga sa Tuaisceart.
Mar sin féin, chuir sé in iúl go raibh comhlachtaí SAM ‘imníoch’ faoin leamhsháinn (impasse) pholaitiúil reatha.
NÍOS MÓ FAOI BIDEN CLIC ANSEO:
Awkward moment: Nuair a labhair Joe
Biden faoi na ‘Black and Tans’
Níl cruinniú ag Stormont le níos mó ná bliain, mar gheall ar dhiúltaigh an príomhpháirtí Aontachtach, an DUP, a suíocháin a ghlacadh thar an gcomhaontú iar-Brexit.
Bhí triúr de cheannairí polaitíochta an Tuaiscirt i láthair inné – ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill, ceannaire an SDLP Colum Eastwood agus ceannaire an Pháirtí Alliance Naomi Long. Ní raibh ceannairí an DUP agus an UUP i láthair.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.