Tá siúlóid carthanachta eile beartaithe ag Charlie Bird, an uair seo ar mhaithe leis na Samáraigh (Samaritans).
Bhailigh an t-iarr-iriseoir de chuid RTÉ €3 milliún do charthanacht i mí Aibreáin seo caite lena siúlóid Climb With Charlie go barr Chruach Phádraig (Croagh Patrick).
In ainneoin a bhreoiteachta áfach, roinn an t-iarchraoltóir an nuacht is déanaí lena lucht leanúna ar na meáin shóisialta.
Scríobh Charlie: ‘An Domhnach seo chugainn, tá mé féin, Claire agus Tiger [a madra] ag dul ar siúlóid in Abhóca (Avoca), i gContae Chill Mhantáin (Wicklow), chun feasacht (awareness) a ardú do na Samáraigh.’
Dúirt sé: ‘Agus tá go leor siúlóidí mar seo timpeall na tíre.
‘Leanaimid ag síneadh lámh an chairdis. Maith sibh,’ a scríobh sé.
‘Is inspioráid thú Charlie… ná déan dearmad ar Tiger! Is inspioráid é duit Charlie!’ a scríobh lucht leanúna amháin.
Dúirt duine eile: ‘Tá tú láidir Charlie, is Iontach an ‘get up and go’ atá agat.’
Tá Coillte ag tacú le Siúlóid Charlie Bird Hand of Friendship le haghaidh na Samáraigh.
Is féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh i siúlóidí 5km agus 1km ag An Chraobhach (Avondale) agus ag suíomhanna eile de chuid Choillte ar fud na tíre Dé Domhnaigh, 16 Aibreán.
Tá siúlóidí oscailte do chách; agus tá go leor de chonairí (trails) Choillte éasca le húsáid ag daoine le bugaí agus i gcathaoireacha rothaí (wheelchairs).
Tacóidh síntiúis a gheofar ar an lá le craobhacha na Samáraigh ar fud na tíre.
Cuireann a n-oibrithe deonacha éisteachta tacaíocht mhothúchánach ar fáil 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain, d’aon duine atá i gcruachás, uaigneach, atá ag streachailt le dul i ngleic leis nó atá ag mothú féinmharaithe.
Beidh Charlie Bird – a thug le fios go ndearnadh diagnóisíodh air le galar mótair néaróin in 2021 – a bhean chéile Claire agus Cockapoo Tiger i gceannas ar shiúlóid 5km trí Pháirc Foraoise An Chraobhach (Avondale), i Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar charlieswalkoffriendship.com, áit ar féidir leat clárú le haghaidh siúlóide nó síntiús a thabhairt.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.