Má tá tú ag siúl an madra agus feiceann tú póstaer do ‘Free Yoga Class’, b’fhéidir nach bhfuil rang yoga saor in aisce i gceist ar chor ar bith.
Tá sé in am do ‘súil eile’, mar a deir TG4 linn.
Bhí an spéis ag lucht Irish Twitter in san póstaer nuair a chonaic siúlóirí madraí é agus iad ag dul timpeall chathair Bhaile Átha Cliath.
Ní mar a shíltear a bhítear, agus níl an póstaer mar a fheictear ar dtús.
Is cosúil gur fógrán é le haghaidh ‘stretch’ maith agus muid amach ag siúl, le ‘stretch’ maith anois sa tráthnóna.
Mar sin féin, nuair a bhreathnaíonn tú níos dlúithe, feiceann tú go bhfuil an póstaer ag déileáil le fadhb mhór sa chathair.
Chuir úsáideoir Twitter @stephenlough95 é suas ar na meáin shóisialta, agus is píosa d’fheachtas margaíochta guerilla é an fógran greannmhar seo.
Sé sin tá sé ag baint úsáide as gné an iontais chun an teachtaireacht a chur in iúl, agus is minic nach cuireann sé isteach orthu má bhíonn an spriocghrúpa ar buile faoi an fógrán. Go deimhin is minic a thaitníonn sé sin le lucht margaíochta guerilla.
Ceistíonn an ceann seo iad siúd nach mbíonn i gcónaí ag piocadh suas i ndiaidh a gcuid peataí.
Tar éis dó an íomhá a roinnt ar líne, d’oscail Stephen díospóireacht faoi cá bhfuil an fhreagracht maidir lenár sráideanna a ghlanadh.
Tá póstaeir a cuireadh suas in aice le Sráid Gloucester i lár na cathrach tar éis corradh a dhéanamh ar líne, agus Stephen ag cur an fotheideal seo ar a tvuít:
Is féidir an bhean ar an bpóstaer a fheiceáil ag déanamh an pose yoga ‘’downward dog’, agus deir an téacs ‘Rang yoga saor in aisce’. Agus leanann sé ar aghaidh le: ‘Tosaigh ag lúbadh anonn agus ag piocadh suas do mhadra sh*t. Nach mothaíonn sé sin go maith?’
Chuir tvuít Stephen tús le plé ar an méid boscaí bruscair poiblí atá i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, saincheist a bhí ag éirí níos coitianta le linn na paindéime Covid-19 nuair a bhí bruscar ina mhórcheist.
‘Aontaím go hiomlán ach tá an dá cheist ann. Ní mór don Chomhairle áiseanna a sholáthar chun é a spreagadh.’ Dúirt duine amháin.
‘Tá bosca bruscair bainte de mo shráid le coicís anuas. Chaith mé 30 nóiméad ag siúl ag iompar cac madra,’ dúirt siad.
An ar úinéir an mhadra atá an dualgas nó an bhféadfadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath níos mó a dhéanamh? Sin an cheist a bhí agus atá á phlé.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.