Tugann Bruce cuairt ar Shane MacGowan agus tá sé beartaithe aige bualadh le Charlie Bird

04/05/2023

Tá Bruce Springsteen tagtha go Baile Átha Cliath go luath chun cuairt a thabhairt ar Shane MacGowan – agus buailfidh sé le Charlie Bird freisin.

Beidh Bruce agus an E Street Band ar stáitse san RDS i mBaile Átha Cliath ar feadh trí oíche: Dé hAoine, Dé Domhnaigh agus Dé Máirt.

Mar sin féin, chuaigh bean chéile Shane MacGowan, Victoria Mary Clarke, chuig Twitter chun grianghraf de Bruce agus Shane a roinnt.

Scríobh sí: ‘Ba mhór an onóir agus an t-eispéireas álainn é cuairt a fháil ó The Boss.

‘Fear iontach agus genius iomlán é!’

bruce shane macgowan bruce springsteen
Bruce le Shane i mBaile Átha Cliath

Glacadh Shane san ospidéal um Nollaig tar éis dó ionfhabhtú (infection) tromchúiseach a fháil, einceifilíteas víreasach (viral encephalitis), le sin bhí at (swelling) ar an inchinn aige.

Fuair sé ‘shingles’ agus é san ospidéal agus d’fhan sé ann ar feadh níos mó ná seachtain sular fhill sé ar a bhaile lena bhean chéile.

Idir an dá linn, tá leid tugtha ag Charlie Bird go dtarlóidh a mhian ‘bucketlist’  chun bualadh le Bruce Springsteen, tar éis dó eolas ar a riocht a phostáil tar éis titim.

Thit iar-chraoltóir RTÉ, atá oscailte lena thuras le galar néarón luadrach (motor neurone disease) tar éis dó a bheith diagnóisithe in 2021, agus é amuigh ag siúl níos luaithe sa tseachtain.

B’éigean é a chur san ospidéal agus roinn sé grianghraf uafásach dá ghortuithe.

Daniel le Charlie bird
Daniel le Charlie

Anois, tá Charlie tar éis nuashonrú a phostáil ar Twitter, ag roinnt selfie le Daniel O’Donnell.

Dheimhnigh sé gur bhris sé cnámh a leic (cheekbone) nuair a thit sé ach fós go raibh áthas air, mar gur thug sé le fios go bhféadfadh sé a bheith ag bualadh le Bruce Springsteen.

Dúirt Charlie: ‘Bhuail mé le mo pal Daniel inniu. Chomh maith leis sin tá mé sásta gur las mé coinneal le haghaidh oibreacha túslíne (frontline workers). Cúnamh mór uathu ag Michael’s agus Vincent’s A&E. Sea, tá cnámh leice briste agam.

‘Ach fuair mé nuacht iontach freisin. Tá an mian eile sin ar mo “bucketlist” le tarlú an deireadh seachtaine seo.’

Bhí tweet déanta ag Charlie roimhe seo gur éirigh lena mhac céile Rob ticéid a fháil dó nuair a chuaigh siad ar díol anuraidh. Ach an tseachtain seo caite, nocht sé gur bhreá leis bualadh le Bruce Springsteen féin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram