Man of Hope and Dreams: Beidh seirbhís do Charlie Bird sa Mansion House an tseachtain seo

Teachtaireachtaí lán le brón agus moladh do Charlie Bird a fuair bás de ghalar Néaróin Mótair, in aois a 74

Tá sonraí faoi cheiliúradh saoil iar-iriseoir RTÉ Charlie Bird fógartha. Táthar ag súil go mbeidh seirbhís don fheachtasóir (campaigner) mór le rá ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara (Mansion House) i mBaile Átha Cliath Déardaoin at 2pm.

Luaitear madra Charlie freisin i measc iad siúd i saol an t-iriseoir nuair a tháinig sé chun solais go bhfuair Charlie bás go síochánta lena theaghlach in aice leis.

Charlie Bird le Ryan Tubridy agus Daniel O'Donnell
Charlie Bird le Ryan Tubridy agus Daniel O’Donnell

Tá níos mó ná €3.4m bailithe ag an gcraoltóir a d’iompaigh feachtasóir do Chumann Galar Néaróin Mótar na hÉireann (Irish Motor Neurone Disease Association) agus do Pieta House i san fheachtas Climb With Charlie nuair a d’éirigh sé suas Cruach Phádraig i gCo. Mhaigh Eo i 2022.

  Agus an scéala faoina bhás ag scaipeadh, thosaigh na céadta ómós ag teacht isteach, lena n-áirítear ón Uachtarán Michael D Higgins a chuir síos air mar ‘fhear fíor-suntasach’.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go ndearna Chalie ionadaíocht don chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn ar a ndícheall.

Bhí an t-amhránaí Daniel O’Donnell i measc na gcéadta duine a tháinig le Charlie ar a shiúlóid carthanachta suas Cruach Phádraig.

‘Go hionraic, nuair a shroich Charlie barr Chruach Phádraig bhí sé ar cheann de na heispéiris is mothúcháin a bhí agam riamh i mo shaol, ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air, bhí sé dochreidte.

Bhí a neart inspioráideach,’ a dúirt an tUasal O’Donnell le RTÉ.

Cuimhneofar ar Charlie Bird mar gheall ar a chuid iriseoireachta iontach agus a fheachtasaíocht gan staonadh ar son daoine eile fiú nuair a bhain a bhreoiteacht a shláinte agus a ghlór uaidh.

Diagnóisíodh an t-iriseoir veteranach leis an ngalar do-leigheasta (incurable) i 2021 tar éis dó fadhbanna lena ghuth a thabhairt faoi deara ar dtús.

charlie bird 3walk

Agus ó shin i leith tá sé i mbun feachtais ar son carthanachtaí (charities) éagsúla agus dhiúltaigh sé imeacht go ciúin.

Bhí sé an-oscailte agus macánta faoin turas a rinne sé leis an ngalar, ó fuair sé diagnóis uafásach.

Agus nuair a chaill sé a chumas cainte (ability to talk) rinne sé cumarsáid trí aip gutha ar a ghuthán.

Agus bhí aithne againn ansin, ar an glór sin, ar an aip, díreach mar a bhí  aithne againn ar a ghlór sna blianta roimhe sin ag tuairisciú ar mhórscéalta an lae ar Nuacht RTÉ.

Dúirt Seamus Dooley, rúnaí Éireannach Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (National Union of Journalists, NUJ): ‘Cé go rabhamar ag súil leis an scéala seo, is cúis bhróin ollmhór é fós.

‘Le tacaíocht óna bhean chéile Claire, bhí Charlie ina chath le galar mótair néaróin i radharc an phobail, le diongbháilteacht agus macántacht.

‘Ba iad na tréithe a léirigh sé le linn a bhreoiteachta – greann, diongbháilteacht fhíochmhar agus flaithiúlacht spioraid (generosity of spirit)– na tréithe céanna a léirigh Charlie Bird mar iriseoir.

‘Níor cheart a shaol a shainmhíniú ag a bhreoiteacht ach ag na tréithe suntasacha a léirigh sé in aghaidh na ndeacrachtaí (adversity). Fágann sé oidhreacht shuntasach.

Charlie Bird 06

‘Bhí Charlie ina ball ar feadh a saoil den NUJ agus ina iarchathaoirleach ar chraobh chraolacháin Bhaile Átha Cliath.’

Rugadh Charlie Bird i Meán Fómhair 1949, agus d’éirigh sé as RTÉ i mí Lúnasa 2012 tar éis dó a bheith ina Phríomh-Chomhfhreagraí Nuachta le Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ go dtí Eanáir 2009.

Ghlac sé le ról Comhfhreagraí Washington ansin sular fhill sé ar a phost roimhe sin in Éirinn i 2010.

Tar éis a dhiagnóis MND, d’fhógair Charlie Climb With Charlie – feachtas inar dhreap an pobal agus daoine cáiliúla Éireannacha Cruach Phádraig i gCo Mhaigh Eo chun feasacht a ardú faoin riocht.

I mí na Bealtaine 2023, dúirt Charlie gur fágadh ‘go hiomlán sáite’ é nuair a bhuail sé le Bruce Springsteen.

San am a chuaigh thart chuir sé a ghuí in iúl go seinnfí amhrán Springsteen, Land of Hope and Dreams, ag a shochraid, agus Springsteen ag tiomnú an amhráin dó ag gig an RDS leis an E Street Band.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram