This Book is Gay: Brú ar na hAirí Sláinte agus Oideachais mar gheall ar leabhar ar liosta an Junior Cycle

Tá na hAire Sláinte agus Oideachais faoi bhrú mar gheall ar leabhar oideachas gnéis,This Book is Gay, ar liosta léitheoireachta na Sraithe Sóisearaí (Junior Cycle).

Is leabhar neamhfhicsin do dhaoine LGBTQ+ é leabhar Juno Dawson, This Book is Gay.

Déileálann an leabhar le fás aníos mar LGBTQ, le saincheisteanna éagsúla lena n-áirítear gnéas, polaitíocht agus steiréitíopaí.

Stephen Donnelly 1 1
Stephen Donnelly

Ach tugadh ‘pornagrafach’ agus ‘míchuí’ air.

Thosaigh an chonspóid toisc go raibh This Book is Gay ar liosta léitheoireachta d’oideachas gnéis na Sraithe Sóisearaí, ach bainfear anois é.

Agus tá ceannaire an pháirtí polaitíochta Aontú, Paedar Toibin, ag iarraidh ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly agus ar an Aire Oideachais Norma Foley míniú a thabhairt ar an gcaoi ar tháinig an leabhar ar an liosta léitheoireachta scoile.

Dúirt sé: ‘Cuireadh an leabhar a thugann comhairle mhionsonraithe ar ghnéas ‘anal’, gnéas béil, suíomhanna gnéis, ‘sexting’ agus úsáid “aipeanna gnéis” le haghaidh gnéas ócáideach san áireamh mar ábhar léitheoireachta do leanaí 12-15 bliana d’aois ar an tSraith Shóisearach.’

Dúirt an tUasalToibin: ‘Cloisimid inniu, tar éis feachtasaíocht nach beag ó thuismitheoirí, go bhfuil an leabhar le tarraingt siar ó liosta Léitheoireachta na Sraithe Sóisearaí.

‘Is bua é seo do thuismitheoirí agus do pháistí.

juno dawson feat

NÍOS MÓ LE
LÉAMH
CLIC
ANSEO:
Leabhar oideachas
gnéis á bhaint
as acmhainn
teagaisc daltaí

‘Ach is í an cheist ná conas a cuireadh leabhar, ina dtugtar mionsonraí ar ábhar gnéasach do dhaoine fásta, ar liosta léitheoireachta leanaí ar an gcéad dul síos.

‘Conas ar ligeadh di fanacht ar an liosta sin chomh fada sin, tar éis aird na Roinne a tharraingt air.’

Dúirt sé: ‘Caithfidh cuntasacht a bheith ann. Cé a rinne na cinntí seo, cén fáth agus cad iad na hiarmhairtí (consequences) a bheidh ann?’

Bhí This Book is Gay ar cheann de na leabhair ba mhó a chuaigh feachtasóirí i gcoinne sna Stáit Aontaithe anuraidh, de réir tuairisce le déanaí ón American Library Association.

Dúirt Dawson le déanaí go raibh sé faoi réir ‘ionsaithe an-eagraithe’.

 Dúirt duine de na gearánaigh leis an HSE, Sarah Holmes, máthair triúr as Co. Chill Mhantáin, go raibh cuimsiú (inclusion) an leabhair ‘depressing lapse of judgment’.

Peadar Toibin 1 768x448 1
Peadar Toibin Pic: Fran Veale

‘Tá an chosaint seo ar fad ar an leabhar ar fhorais na cuimsitheachta (inclusivity), ach tá caighdeán an-íseal á leagan síos do leanaí aeracha, go háirithe,’ a dúirt sí.

‘Sílim go bhfuil oideachas gnéis ceart de dhíth ar leanaí de gach treo: cad atá contúirteach, cad ba cheart duit a bheith cúramach faoi. Is cinnte nár cheart go mbeadh sé ag rá, “téigh ar aip gnéis” nó “seiceáil iad i mbeár roimh ré”. Mar sin féin, tá an cultúr pornagrafaíochta seo á bhrú ar leanaí.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram