‘Cancer free’: Bhí Mairéad Ní Chuaig ó TG4 ag ceiliúradh oíche mhór speisialta saor ó ailse ag na Oscars

Thaistil láithreoir TG4 Mairéad Ní Chuaig chuig na Oscars chun bualadh le réaltaí geala Hollywood agus cúpla focal a rá leo – ach bhí tráth ann freisin ina raibh sí ag ceiliúradh níos mó ná 10 mbliana ó bheith saor ó ailse (cancer).

Tá Mairéad tar éis a bheith ciúin faoina cath ailse thar na blianta ach luaigh sí é agus í ag scríobh faoin a bheith scoite amach ón bpobal le linn srianta Covid-19.

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO:  ‘Ba mhór an phribhléid é’: Ryan Tubridy ag éirí as an Late Late Show

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil dul chun cinn mór tagtha ar chúrsaí ó rinneadh an diagnóis uirthi, agus í tar éis roinnt sracfhéachaint a phostáil óna heachtra i Hollywood agus a micreafón ina lámh.

I gceann dá ‘snaps’, is féidir Mairéad a fheiceáil agus a lámh ar a cromáin (hip) agus í ag gáire agus dealbh mór Oscar ina seasamh sa chúlra.

Mairead ni chuaig 1

Chuir an láithreoir fotheideal ar a pictiúr: ‘Ag ceiliúradh i Meiriceá! Ag ceiliúradh níos mó ná deich mbliana de bheith saor ó Ailse, i Hollywood. Fioraíodh an aisling! Grma An tOllamh Michael O’Dwyer & an Dr Michael Casey.’

Bhí áthas ar a lucht leanúna ar a son. Scríobh Sarah McInerney, ‘tá cuma álainn ort. Comhghairdeas ar chomóradh mór,’ agus scríobh Allison Morris: ‘Mairéad tá fráma tuillte, aistear Iontach agus gúna iontach.’

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO: Roinneann Una Healy ‘snap’ leis an leanbh Blake agus í ag bualadh le Brian Dowling agus Arthur Gourounlian

Bhí cuma iontach ar Mairéad ar an lá mór dúbailte a bhí aici, agus í ag caitheamh gúna ar dhath champagne, as an ngualainn, ar a raibh traein dhrámatúil.

Ag tabhairt sonraí faoina cuma iontach, rinne Mairéad tweet: ‘Go raibh maith agat le MK Bridal as mé a ghléasadh do na Oscars i ngúna álainn leis an dearthóir Ucráineach Eva Lendel.’

Mairead ni chuaig 2

Sula ndeachaigh sí ar bord na heitilte fiú bhí tuairim ag Mairéad cé leis ar theastaigh uaithi labhairt leis, ag rá le RSVP Live go raibh Colin Farrell, Brendan Gleeson agus foireann An Cailín Ciúin ar a liosta.

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO: An bhfuil Doireann Garrihy i lár ‘spat’ idir moltóir DWTS Brian agus Donncha O’Callaghan?

Dúirt sí: ‘Táimid ag súil go mbeidh Paul Mescal tar éis bogadh go leibhéal iomlán nua Gaeilge tar éis na BAFTAs. Nochtadh é do Ghaeilge Dhún na nGall an oíche sin agus is i gConamara Gaeilge a bheidh sé anois.’

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO:  Léigh le chéile: Scéalta nua ar RTÉ chun cabhrú le tuismitheoirí leanaí óga

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig. Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram