Léigh le chéile: Scéalta nua ar RTÉ chun cabhrú le tuismitheoirí leanaí óga

Spideog le Feadóg, Gabhar le Giotár agus Píobaire Tigerlily. Níl sin ach trí rud le cloisteáil ar RTÉ i gclos scéal nua Gaeilge do pháistí (0-6) á sheoladh ar RTÉjr Radio ar Lá Fhéile Pádraig.

Is é ‘An Flóta le Cóta’ an chéad scéal ‘léigh le chéile’ i sraith nua de cheithre scéal am codlata ag teacht ó Loch Garman.

Beidh ‘An Flóta le Cóta’ beo ar RTÉjr Radio ar 11.30am agus 4.30pm ar Lá Fhéile Pádraig. Tar éis sin, beidh sé fáil mar phodchraoladh ar RTÉjr Podcast.

Le aisteoirí Cory Ó Brollacháin agus Heather Hadrill, leanann an scéal drumadóir Gínie ag máirseáil don chéad uair le banna píob Na Seamróga ar Lá Fhéile Pádraig.

AlisonpicsTigerlilyKeoghan255527
Tigerlily Keoghan

Tá sceitimíní ann mar beidh an tUachtarán ag freastal ar an bparáid ach tá gaoth láidir ann freisin.

Nuair a thagann stoirm, cuireann sé an lá mór i mbaol.
Is í Tigerlily Keoghan an píobaire uilleann ar an taifead agus is í baill den bhanna Ros Mhic Thriúin chomh maith le bheith mar aonréadaí.

Bhí Jonathan Weatherill-Hunt ar fhuaim (innealtóir fuaime/dearthóir fuaime) agus rinneadh Lee Hynes obair breise.
Beidh ábhar breise le híoslódáil ó shuíomh gréasáin RTÉjr Radio le gach scéal sa tsraith.

Is é i gceist ná an téacs i nGaeilge, foghraíochta agus Béarla ionas gur féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil an Ghaeilge acu léamh in éineacht lena bpáistí.

SPD 768x448 1

Beidh bileog gníomhaíochta le híoslódáil freisin.

Tá an scéal scríofa, stiúrtha agus léirithe ag Alison Ní Mháirtín (scríbhneoir/dramadóir) le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, an tÁras Náisiúnta Ceoldrámaíochta, Lee Hynes agus South East Radio.

Bhí tacaíocht féinléirithe ó Heather Rose (Super Paua), comhairleoireacht amharclainne Mark Ball agus Éamonn Ó Dónaill.

Nasc
RTÉjr Radio: https://www.rte.ie/radio/rtejrradio

Nótaí Eagarthóireachta
Tuilleadh eolais ó Alison Ní Mháirtin Email: alisonnimhairtin@gmail.com.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig. Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram