Na céadta othar tógtha ón ospidéal agus tine ag lasadh tríd

02/03/2023

Bhí breis agus 200 othar á n-aistriú go hospidéil éagsúla oíche Dé Céadaoin tar éis tine ollmhór a bhriseadh amach in Ospidéal Ginearálta Loch Garman.

Cuireadh síos air mar ‘an aslonnaithe (evacuation) is mó i stair na seirbhíse sláinte’. Scaip an t-aláram go tapa agus sa Roinn Éigeandála, iarradh orthu siúd ar féidir leo imeacht.

Scaip deatach dubh tiubh ar fud bhaile Loch Garman, agus d’eisigh Comhairle Contae Loch Garman rabhadh dóibh siúd atá ina gcónaí sa cheantar fuinneoga agus doirse a dhúnadh agus d’impigh siad ar dhaoine an t-ospidéal a sheachaint.

Brise an tine amach díreach roimh 4pm ach tugadh faoi smacht aréir é.

Bhí suas le 45 comhraiceoir dóiteáin (firefighters) a bhí ag dul i ngleic leis an tine agus go gairid tar éis 6pm fógraíodh gur ‘major incident’ a bhí ann agus rinneadh an cinneadh faoi dheireadh an t-ospidéal ar fad a aslonnú.

Glaodh ar níos mó ná 100 otharcharr (ambulances) ó cheann ceann na tíre chun othair a thabhairt chuig ospidéil eile ar fud na tíre lena n-áirítear Corcaigh, Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath.

fire wexgenhospfeat 1168x681 1

Dúirt urlabhraí don ospidéal oíche Dé Céadaoin go dtógfadh aistriú na n-othar suas le 24 uair.

Tá an Rannóg Timpistí agus Éigeandála san ospidéal dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt agus tá gach coinne roghnach agus othar seachtrach curtha ar ceal don Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo.

Thaispeáin íomhánna a postáladh ar na meáin shóisialta an deataigh ón bhfoirgneamh ach dúirt an HSE nach raibh aon duine gortaithe ann, cé gur thit cuid de dhíon an fhoirgnimh sa tine.

Tá seomra teagmhais curtha ar bun agus tá ionadaithe ón HSE, an tSeirbhís Dóiteáin, an Garda Síochána agus Comhairle Contae Loch Garman i láthair.

Bhí urlabhraí de chuid an ospidéil in ann a dheimhniú go raibh an tine faoi smacht den chuid is mó ag 7pm, ach go bhfanfadh an tseirbhís dóiteáin ar an láthair thar oíche mar réamhchúram. Dúirt siad freisin go ndearnadh damáiste suntasach d’fhoirgneamh an ospidéil, rud a ndéanfar a thuilleadh measúnaithe air sna huaireanta agus sna laethanta amach romhainn.

Idir an dá linn, tá iarrtha ag gardaí agus lucht bainistíochta an ospidéil ar bhaill den phobal an ceantar a sheachaint.

Tá líne chabhrach (helpline) an HSE bunaithe chun déileáil le ceisteanna ó theaghlaigh agus ó ghaolta na n-othar agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar 053 9153012.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram