Labhraíonn Simon Harris faoi ‘lá dorcha’ do Mhaigh Eo, tar éis bás tragóideach cúigear

26/03/2024

Comhbhrón do mhuintir Mhaigh Eo ón Taoiseach-ainmnithe (designated Taoiseach) i ndiaidh bhás mná agus beirt chailín, agus bás lánúin scothaosta (elderly)

Labhair Simon Harris faoi ‘lá tubaisteach do mhuintir Mhaigh Eo’ i ndiaidh bás cúigear sa chontae Dé Máirt –beirt chailín ina measc.

Dúirt an Taoiseach-ainmnithe gur ‘lá dorcha’ a bhí ann.

crash pic 2
Maraíodh an bhean, a bhí mar thiománaí ar an charr sa timpiste bhóthair, agus beirt chailín a bhí ina bpaisinéirí, sa timpiste

Rinne sé comhbhrón do theaghlaigh bean a bhí sna 30idí agus a beirt iníonacha a fuair bás tar éis imbhualadh bóthair a bhain le leoraí agus carr ar an N17 i gCo Mhaigh Eo.

Thug sé ómós freisin don lánúin a bhásaigh tar éis dóiteán tí sa chontae maidin Dé Máirt.

Maraíodh an bhean, a bhí mar thiománaí ar an charr sa timpiste bhóthair, agus beirt chailín a bhí ina bpaisinéirí, sa timpiste.

Tharla an eachtra ar an N17 sa Chaisleán Gearr (Castlegar), achar gearr ó Chlár Chlainne Mhuiris (Claremorris), ar an bpríomhbhealach idir Gaillimh agus Sligeach, go gairid roimh 2pm. Níor tuairiscíodh gortuithe ar bith eile.

Tugadh na trí chorp go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh le go ndéanfaí scrúdú iarbháis.

Tugann an timpiste go dtí 52 líon na ndaoine a maraíodh ar bhóithre na hÉireann i mbliana, 10 gcinn níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh. Fuair 14 duine bás ar bhóithre na hÉireann i mí an Mhárta amháin.

Tom Mahon a fuair bás sa tine i gContae Mhaigh Eo
Tom Mahon a fuair bás sa tine i gContae Mhaigh Eo

Ainmníodh an lánúin ar scor (retired) a fuair bás sa tine sa teach i gCo. Mhaigh Eo mar Tom agus Eileen Mahon.

Tharla an tine go moch maidin Dé Máirt i dteach i mBéal Átha na Muice (Swinford).

Bhí aithne mhaith ar an lánúin ar fud Bhéal Átha na Muice mar go raibh gnó troscáin siúl acu sula ndeachaigh siad ar scor.

Tharla an tine thar oíche ag a dteach teaghlaigh ag Deerpark ar Bhóthar Chill Cheallaigh (Kilkelly Road) taobh amuigh de Bhéal Átha na Muice.

Dúirt an tUasal Harris gur ‘lá tubaisteach a bhí ann do mhuintir Mhaigh Eo’.

I dteachtaireacht a roinneadh ar líne, dúirt sé: ‘Ag smaoineamh ar theaghlaigh agus ar chairde na mná agus ar bheirt chailíní a chaill a saol sa Chaisleán Gearr, agus ar Tom agus Eileen Mahon, a fuair bás i dtine i mBéal Átha na Muice. Lá dorcha.

‘Tá a fhios agam go mbeidh an pobal ag teacht le chéile chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd go léir a bhfuil brón orthu.’

Dúirt an comhairleoir áitiúil Richard Finn go raibh an contae ar fad ‘i gcruachás’ tar éis na timpiste, chomh maith leis na básanna i ndóiteán tí i mbaile Bhéal Átha na Muice.

Irene Lynch
Irene Lynch

Agus tá ómós tugtha ag teaghlach mná torracha (pregnant)  a fuair bás deich lá tar éis di a bheith i dtimpiste i nGaillimh.

Ba í Irene Lynch, 34, an paisinéir tosaigh sa charr nuair a bhuail sé le balla sula ndeachaigh sé isteach san uisce i Menlo, díreach taobh amuigh de lár Chathair na Gaillimhe, ar an 15 Márta.

Tugadh an mháthair do bheirt, a bhí ag súil lena tríú leanbh, go hOspidéal na hOllscoile Gaillimh i riocht criticiúil agus fuair sí bás deich lá níos déanaí, Dé Luain an tseachtain seo.

Cuireadh tiománaí an chairr, fear atá sna 40idí, san ospidéal freisin i ndiaidh na timpiste.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram