Admhaíonn Leo go bhfuil sé ‘legally unsound’ scéim drugaí ‘mental health’ a bheith do dhaoine faoi 16 amháin

22/02/2023

D’admhaigh Leo Varadkar go bhfuil an reachtaíocht a chuireann srian ar dhrugaí meabhair shláinte (mental health) saor in aisce dóibh siúd atá os cionn 16 bliana d’aois ‘neamhfhónta go dlíthiúi (legally unsound)’.

In ainneoin an admhála seo, mhaígh an Taoiseach nach mbeadh ‘aon leas poiblí’ ann, a rá le daoine go bhfuil an reachtaíocht a úsáideann an Stát mídhleathach.

David Cullinane1
David Cullinane Pic: Leah Farrell /RollingNews.ie

Dúirt urlabhraí Sláinte Shinn Féin David Cullinane, áfach, go bhfuil sé soléir go bhfuil leas poiblí ann má deirtear le daoine go bhfuil an Rialtas ‘ag gníomhú lasmuigh den dlí’, agus go bhfuil a bhfuil de cead ag daoine á dhiúltú dóibh.

Thuairiscigh an Irish Mail on Sunday ag an deireadh seachtaine go raibh comhairle tugtha ag oifig an ard-aighne do na húdaráis gur ‘ultra vires’ é na drugaí sin a theorannú d’othair faoi bhun 16 bliana d’aois – rud a chiallaíonn go raibh an Stát tar éis a chumhachtaí faoin dlí a shárú.

maire whelan 480x672 1
Máire Whelan

Thug an t-ard-aighne a bhí ann ag an am, Máire Whelan, atá ina breitheamh anois, le fios go gcaithfí deireadh a chur leis an srian nó go gcaithfí an dlí maidir le tacaíochtaí do Thinnis Fadtéarmacha (Long-Term Illnesses) a athrú.

Dúirt an Taoiseach leis an Irish Daily Mail go bhfuil an reachtaíocht ‘neamhfhónta go dlíthiúil’ ach gurb é an t-aon rogha eile ná an rochtain a baint d’othair.

Dúirt sé: ‘An t-eagla ba mhó a bhí orainn i gcónaí maidir le dlíthíocht, ná go scriosfadh na cúirteanna an scéim agus go gcaillfeadh na daoine a bhfuil na tinnis sin orthu as an gcúpla cógas a fhaigheann siad faoi láthair.

‘Agus ba é sin ár gcur chuige ina leith. Tá sé curtha i láthair mar rud uafásach, ach a mhalairt ar fad atá ann.’

Dúirt an tUasal Cullinane: ‘Ní ghlacaim leis sin, nach féidir é a dhéanamh – ba cheart don Rialtas comhairle a lorg ón ard-aighne maidir le conas é a dhéanamh go dleathach.

‘Nuair a bhíonn seirbhísí á gcur le chéile ag an Rialtas caithfidh siad a chinntiú go bhfuil reachtaíocht chuí ann.’

In ainneoin comhairle an ard-aighne, gach uair a ardaíodh an cheist sa Dáil, sheas airí sláinte i ndiaidh a chéile leis an mbeartas, cé go raibh a fhios ag an Roinn nach raibh an reachtaíocht bailí ó thaobh an dlí de.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram