Cosc ar pheitril san AE i gceann 12 bhliain – le fadhb mór do teaghlaigh nach bhfuil praghas carr leictreach acu

Ní bheidh cead ag tiománaithe carr nua peitril agus díosail a cheannach i gceann 12 bhliain, de réir an Aontas Eorpach.

Ina theannta sin, beidh ar aon duine le seancharr athrú chuig bithbhreoslaí costasacha.

Tar éis vóta i bParlaimint na hEorpa beidh deireadh ag teacht le inneall peitril agus díosail faoi 2035.

Dúirt an AA nach mbeidh mórán rogha ag tiománaithe ach cloí leis na rialacha nua mar go mbeidh ar na déantóirí gluaisteán fíneálacha móra a íoc mura leanann siad na rialacha nua.

Ach beidh fadhbanna ann do daoine nach bhfuil sé do acmhainn acu carr leictreach a cheannach.

Thug Príomhfheidhmeannach Fuels for Ireland, Kevin McPartlan, foláireamh, áfach, go bhfuil an costas a bhaineann le breoslaí saor ó charbón a úsáid ‘craiceáilte’ faoi láthair.

Mhínigh an tUasal McPartlan go bhfuil roinnt bealaí ann chun sean-innill charranna a dhéanamh neamhdhíobhálach (harmless) don chomhshaol, mar bhreoslaí leachtacha saor ó charbón. Dúirt sé: ‘Tá siad ann, ach níl siad eacnamaíoch, tá an costas craiceáilte.’

Dúirt ball de Pharlaimint na hEorpa de chuid Fhianna Fáil, Billy Kelleher, a thacaigh leis an aistriú, cé go bhféadfaí hidrigin a úsáid, gur dócha go mbeidh formhór na ngluaisteán nua in 2035 leictreach.

Electric Car Charging 2

Tá Éire chun tosaigh ar an AE cheana féin ó thaobh carranna leictreach, agus deir ár bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide go mbeidh ar gach clárú gluaisteáin nua anseo a bheith leictreach faoi 2030, cúig bliana roimh an AE.

De réir staitisticí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (Central Statistics Office, CSO) le déanaí tá an chuma ar an scéal go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag muintir na hÉireann cheana féin maidir le bheith ina dtiománaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Léiríonn na figiúirí is déanaí go raibh méadú 40% bliain ar bhliain ar dhíolacháin charranna leictreacha i mí Eanáir, agus bhí díolacháin peitril agus díosail fós faoi bhun leibhéil in 2019.

Dúirt Paddy Comyn, ón AA, go bhfuil an t-aistriú ag teacht go ginearálta leis an méid atá á rá ag na déantóirí mar go mbeidh orthu scor de shean-innill charranna a tháirgeadh faoi 2030.

Dúirt sé go mbeadh ‘fíneálacha ollmhóra’ le sárú ag déantóirí mura gcomhlíonfaidís spriocanna 2035 agus dúirt sé freisin go gcaithfí deontais do charranna glasa a choinneáil.

Dúirt an Feisire Glas d’Éirinn Theas, Grace O’Sullivan, go dtagann thart ar 18% d’astuithe iomlána na hÉireann ó iompar de bhóthar agus gur ‘earnáil ríthábhachtach’ é chun tacaíocht a thabhairt di.

Dúirt sí freisin: ‘Ba cheart tacaíocht a thabhairt do Thuath na hÉireann go háirithe mar thosaíocht (priority).’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram