Ghlac na céadta duine páirt in ‘vigils’ i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste i gcuimhne ar dhéagóir trasinscneach Brianna Ghey a maraíodh i Sasana.
Fuarthas Brianna, a bhí 16 bliana d'aois, le gortuithe iolracha i bpáirc i Warrington tráthnóna Dé Sathairn.
Fuair sí bás go gairid ina dhiaidh sin.
Tá póilíní ag fiosrú an raibh a bás mar thoradh ar marú fuatha (hate killing).
Cúisíodh beirt dhéagóir, atá 15 bliain d’aois, buachaill agus cailín, as a dúnmharú líomhnaithe agus cuireadh iad faoi choimeád inné.
Maíonn cairde Bhrianna go raibh bulaíocht á déanamh uirthi ar scoil mar gheall ar, ‘the simple reason of being trans’.
Cúig lá roimh a bás bhí físeán curtha suas ag Brianna ar na meáin shóisialta ag rá go raibh sí ‘eisiata ón scoil’.
Bhailigh daoine ag An Spire ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, agus ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste inné, chun ómós a thabhairt don déagóir tragóideach, agus bhí roinnt ‘placards’ á iompar acu, agus iad ag rá ‘Rest in Power’ agus ‘Trans Rights Now’.
I mBaile Átha Cliath, las go leor acu siúd a d’fhreastail ar an ‘vigil’ coinnle agus d’fhág siad ar an gcosán iad os comhair portráid de Bhrianna.
Sa Bhreatain, tá sé ráite ag an Bleachtaire-Cheannfort Mike Evans go bhfuil fiosrúcháin ar siúl maidir le bás Brianna agus go bhfuil na hoifigigh 'ag déanamh gach rud is féidir linn chun na cúinsí cruinne an méid a tharla a fháil amach.'
‘Ag an tráth seo, níl aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint go mbaineann na cúinsí a bhain le bás Brianna le fuath,’ a dúirt sé.
'Tá patróil méadaithe sa cheantar áitiúil agus fanfaidh na hoifigigh i gceantar Culcheth le suaimhneas a thabhairt do na daoine, agus le dul i ngleic le haon imní a d'fhéadfadh a bheith ag cónaitheoirí.'
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.