Teaghlach i ndeora tar éis fear óg a mharú in ionsaí ‘Wild West’

06/05/2024

Bhí an fear óg a maraíodh, Josh Itseli, 20 bliain d’aois agus tá beirt fhear óga agus déagóir gafa

Tar éis gur maraíodh fear óg in ionsaí gunna i mBaile Átha Cliath, bhí a mhuintir agus a chairde i ndeora agus iad ar cuairt ar an láthair inar maraíodh é Dé Luain.

Tá Josh Itseli, 20 bliain d’aois, ainmnithe mar íospartach an t-ionsaí gunna a tharla díreach tar éis meán oíche Domhnaigh, ar Bhóthar Chnoc na Riabhach, Droimneach (Knocknarea Road, Drimnagh).

Creidtear gurb é seo an chéad dúnmharú ‘gangland’ i 2024.

Dúisíodh muintir na háite le fuaim ghunnaí, scairteanna agus carranna ag tuairteáil in aice lena dtithe ag thart ar 12.15am.

An fear óg a maraíodh, Josh Itseli, a bhí 20 bliain d’aois
An fear óg a maraíodh, Josh Itseli, a bhí 20 bliain d’aois

Chuir roinnt daoine síos ar na radhairc mar rud a chuir an ‘Wild West’ i gcuimhne dóibh.

Scaoileadh suas le 20 urchar as roinnt arm éagsúil ag an am.

Thuairiscigh finnéithe go ndearna na hionsaitheoirí a bhfeithicil a aisiompú suas an tsráid ansin in iarracht teitheadh, ach gur imbhuail siad isteach i gcrann agus roinnt carranna eile.

Thréig siad an fheithicil ansin agus rinne siad iarracht éalú de shiúl na gcos.

Shroich an tAonad Tacaíochta Armtha (Armed Support Unit) an láthair laistigh de nóiméid agus gabhadh triúr fear i bhfeithicil Ford Focus a ndearnadh damáiste dó ar Bhóthar Shliabh Blúm (Slievebloom Road) in aice láimhe.

Tá beirt de na fir sna fichidí luatha (early 20s)  agus is déagóir an duine eile.

Creideann bleachtairí go bhfuil baint ag an lámhach le dhá bhuíon (gangs) iomaíochta i gceantar Bhaile Átha Cliath.

De réir mar a dhéileáil na seirbhísí éigeandála leis an gcás, thángthas ar bhuama píb amhrastach (suspected pipe bomb) in aice láimhe agus tháinig idirghabháil fhoireann diúscartha buama (bomb disposal team) an Airm chúl déileáil leis.

Dúradh le cónaitheoirí a bhí ina gcónaí sa chomharsanacht a dtithe a fhágáil go dtí go mbeadh an gléas sábháilte.

Splash 2

Bhailigh dlúthchairde le Josh, arb as ceantar na Coille Móire (Kylemore) i mBaile Átha Cliath dó, ag an láthair maidin Dé Luain agus chonacthas iad ag caoineadh le chéile.

Cháin an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee an teagmhas foréigneach agus ghabh sí buíochas leis na Gardaí a d’fhreagair.

‘Bhí an t-ionsaí i nDroimneach aréir do-ghlactha go hiomlán agus ní rud é a ghlacfaimid leis ar ár sráideanna,’ a dúirt sí.

Dúirt Comhairleoir Shinn Féin Daithí Doolan, atá ina chónaí i gceantar Dhroimneach: ‘Dúisíodh mé ag héileacaptar suas sa spéir agus bhí a fhios agam ag an am sin go raibh rud an-dáiríre tar éis tarlú.’

Dúirt sé go bhfuil an pobal ar crith agus go bhfuil siad fós ag iarraidh a thuiscint cad a tharla.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram