Tá sé in am deireadh a chur le cabhair chostais mhaireachtála a deir Eamon Ryan

Tá sé tugtha le fios ag Eamon Ryan go mb’féidir nach leathnófar roinnt beart tacaíochta chostais mhaireachtála níos faide ná an mhí seo chugainn.

Dúirt sé go bhfuil gá leis an airgead le híoc as ardaithe pá do státseirbhísigh.

Ghearr an Rialtas cáin faoi 20c an lítir ar pheitreal agus 15c an lítir ar dhíosal agus laghdaigh siad VAT ar leictreachas agus gáis ó 13.5% go 9%, mar chuid de roinnt beart chun an brú ar ghnáthdhaoine a mhaolú.

Ach  tiocfaidh deireadh leo sin ag deireadh mhí Feabhra, agus thug ceannairí an Rialtas le fios go mbuailfidís le chéile roimh sin le plé a dhéanamh ar cad atá le déanamh.

Bhíothas ag súil go gcoinneodh siad na bearta mar gheall ar an gcostas maireachtála ard agus méaduithe nua ar chostais morgáiste agus árachas sláinte.

Chuirfeadh ardú ar phraghsanna peitril agus díosail leis an mbrú ar theaghlaigh.

grocery 1

 Ach anois tá an tUasal Ryan, an tAire Comhshaoil agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais, tar éis a rá go gcaithfidh an Rialtas ‘ár mbonn cánach a athchóiriú’.

Dúirt sé go bhfuil sé seo mar gheall ar laghdú ar phraghsanna gáis agus toisc go bhfuil an aimsir i rith an gheimhridh níos teo ná mar a bhíothas ag súil leis.

Ach le déanaí bhí seachtainí le teochta in Éirinn faoi bhun an reophointe agus níl deireadh leis an ngeimhreadh, agus saineolaithe aimsire ag rá go mbeidh oighir agus fuacht sna seachtainí amach romhainn.

Ag Ceisteanna na gCeannairí (Leaders’ Questions) sa Dáil, dúirt an tUasal Ryan go bhfuil praghas an gháis laghdaithe go mór ón méid a bhí ann cúig nó sé seachtaine ó shin.

‘Sna cúinsí sin, ní mór dúinn breathnú ar ár mbonn cánach a athbhunú mar is é an buntáiste a bhaineann le excise agus VAT ná go gcabhraíonn SIAD le hioncam seasmhach a sholáthar dúinn a ligeann dúinn íoc as an ardú pá sa tseirbhís phoiblí ar gá dúinn a sheachadadh,’ a dúirt sé leis an Dáil.

Petrol 3

Thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios le déanaí go mb’fhéidir nach bhfaighidh an Rialtas réidh leis na buntáistí ar fad ag an am céanna, dúirt an tUasal Ryan nach raibh bunús na dtacaíochtaí teaghlaigh inchosanta  a thuilleadh, mar gheall ar an titim i bpraghsanna breosla le seachtainí beaga anuas.

Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín, áfach, go léiríonn figiúirí a chuir an tAire Airgeadais ar fáil dó go bhfuil an Rialtas ag bailiú an leibhéal is airde VAT.

Bhailigh an Státchiste €381 milliún i VAT ó leictreachas anuraidh – méadú 40% ar an mbliain roimhe sin – in ainneoin an ráta cánach a laghdú.

San iomlán, bhailigh an Stát €1.4 billiún i gcáin ó leictreachas agus breosla in 2022, arb ionann é sin agus méadú de bhreis ar €300 milliún, nó 28%.

Dúirt an tUasal Tóibín: ‘Ba cheart don Rialtas féachaint le ráta 0% a bhaint as an VAT ar bhreosla i mbliana i dtéarmaí na géarchéime costais mhaireachtála, agus cé nach bhfuil an brú céanna ann maidir lei boilsciú (inflation), tá boilsciú iolraithe fós á fheiceáil againn.’

Dúirt sé freisin: ‘Mar thoradh air sin, tá sé deacair ag go leor daoine a gcarr a úsáid agus tá deacracht ag go leor daoine a dtithe a théamh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram