Seachain áiteanna arda: beidh an aimsir faoi bhun an reophointe go dtí Déardaoin

17/01/2023

Tá rabhadh tugtha ag na gardaí do thiománaithe gur cheart dóibh ceantair sléibhe arda a sheachaint mar go mbeidh an aimsir faoi bhun an reophointe go dtí Déardaoin.

Tugann siad rabhadh freisin gur thit sneachta trom i gceantair chontúirteacha, ar nós an Bearna Bhealach Sailearnáin (Sally Gap) i gContae Chill Mhantáin.

snow2
Picture Colin Keegan, Collins,

Ag scríobh dóibh ar na meáin shóisialta dúirt gardaí: ‘De bharr drochaimsire, tá An Garda Síochána ag rá  d’úsáideoirí bóithre, smaoineamh ar bhealaí eile má tá sé ar intinn acu taisteal go Sally Gap.’

Roinn siad pictiúr ar na meáin shóisialta de ghluaisteán patróil ag crosbhóthar, a bhí clúdaithe le sneachta.

Thug réamhaisnéiseoirí aimsire foláireamh go leanfar leis an aimsir oighreata agus is é sin an chúis le ‘fadhbanna taistil’. D’eisigh Met Éireann rabhadh Buí aimsire freisin.

Táthar ag súil le haimsir atá contúirteach le haghaidh taistil, go háirithe ar bhóithre agus ar chosáin nach bhfuil cóireáil orthu. ‘D’fhéadfaidh go mbeidh roinnt paistí de cheo reoite freisin,’ a dúirt Met Éireann.

Agus thug siad rabhadh faoi níos mó sneachta, oighir agus ceo reoite, go dtí Déardaoin.

Dúirt Met Éireann go mbeidh sioc géar go forleathan anocht (Dé Luain), leis an teocht ag titim go dtí idir 0C agus -4C nó -5C. Beidh tréimhsí soiléire ann freisin le ceathanna geimhridh scaipthe.

‘Féadfaidh ráigeanna sneachta ag dul i bhfeidhm ar áiteanna san iarthar agus sa deisceart freisin. Is dócha go mbeidh ceo reoite ann freisin gan mórán gaoithe thar talamh.’

Snow Motorists 2
Picture Colin keegan, Collins

Amárach (Dé Máirt) beidh sé fuar le sioc agus oighear. Beidh roinnt ceathanna sneachta in áiteanna. Beidh tréimhsí geala agus grianmhara ann freisin.

Ní bheidh ach teocht idir 1C agus 4C san iarnóin le gaotha éadrom go measartha ag teacht ó thuaidh, agus beidh siad níos úire gar do chóstaí an Atlantaigh. Beidh an teocht is ísle idir -2C go -6C thar oíche agus beidh níos mó ceathanna sneachta ann.

Thug Met Éireann rabhadh freisin faoi sioc géar le oighear agus sneachta ina luí in áiteanna. Beith roinnt paistí ceo reoite ann freisin.

Beidh tréimhsí grianmhara ar an gCéadaoin le ceathanna scaipthe geimhridh, go príomha san iarthar agus sa tuaisceart.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram