Brú ar an Rialtas: Ardú €11 ag teacht ar carr teaghlaigh a líonadh le peitreal

Beidh ardú €11 ar an costas a bhaineann le carr teaghlaigh (family car) a líonadh le peitreal nó díosal i gceann sé seachtain.

Tarlóidh sé seo mar go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas na cánacha a ghearr siad i mí an Mhárta seo caite a thabhairt isteach arís.

Cuirfidh sé seo 21c ar gach lítear peitril agus díosail. Mar sin féin, tá brú sóisialta agus polaitiúil anois ar an Rialtas an gearradh a choinneáil i ndiaidh mhí an Mhárta.

Eamon Ryan Petrol Feature 768x448 1
Eamon Ryan

I mí an Mhárta seo caite, ghearr an Rialtas táillí dleachta (duty charges) ar pheitreal, díosal agus breosla talmhaíochta go sealadach chun an brú ar thiománaithe, ar tharlóirí agus ar thiománaithe seachadta a laghdú.

Agus tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, ag brú sa Chomh-aireacht go ndéanfaí an gearradh a aisiompú ‘láithreach’, dar le foinse.

Ach tá teaghlaigh fós ag íoc as costais ardaithe agus ní hamháin ó thaobh breosla. Tá sé seo amhlaidh toisc go mbíonn tionchar ag costas méadaithe peitril agus díosail – a bhí os cionn €2 an lítear i mí an Mhárta seo caite – ar chostas beagnach gach earra a chaithfear a sheachadadh, cibé acu chuig siopaí nó chuig tithe daoine.

Agus dúirt comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Catherine Murphy go gcaithfidh an Rialtas féachaint ar conas is féidir leis tacaíochtaí a dhíriú, mar go bhfuil daoine ‘ag fulaingt’.

Thug foinsí sinsearacha Rialtais le fios go bhfuil siad fós chun na cánacha níos airde a thabhairt isteach – ach go ndéanfaidís é de réir a chéile.

Thug ceannaire tionscail amháin foláireamh, mar gheall ar an gcosc ar allmhairí ola agus breosla na Rúise, ‘nach é an t-am ceart chun na táillí a thabhairt isteach arís’.

petrol prices 1068x623 1

Dúirt Paddy Comyn ón AA: ‘Mholaimid dóibh gan é a dhéanamh i lár géarchéime costais mhaireachtála.

Dúirt sé: ‘Sílim gurb é an rud pragmatach atá le déanamh, má tá siad chun é a mhéadú, é a thabhairt isteach de réir a chéile thar roinnt seachtainí.’

Thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios nach bhfuil sé ag iarraidh go gcríochnófaí go tobann roinnt tacaíochtaí Rialtais ag an am céanna.

Dúirt foinsí Fhianna Fáil: ‘Táthar ag féachaint ar na hábhair go léir a bhaineann leis na bearta costais mhaireachtála. Ní hé go bhfuil sraith tograí amháin nó sraith eile ag fáil fabhar faoi láthair.’

Tuigtear gur dócha go ndéanfar cinneadh i lár mhí Feabhra ar an cheist.

Tá ciste na coise tinne Irainy-day fund) thart ar €5 billiún ag an Rialtas. Mar sin féin, níl an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe ag iarraidh an ciste a úsáid chomh luath sin sa bhliain.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram