Ceoltóirí le dul ar mire ar Buille

Tá Buille, sraith ceoil bheo ina ndéanfar ceiliúradh ar an gceol nua Éireannach is fearr, fógarthaag TG4. Beifear ag sruthú Buille beo ar Sheinnteoir TG4  agus YouTube TG4 ón 15 Iúil ag 8pm

Le Boom ar Buille. Pictiúr TG4Curtha ar fáil
Le Boom ar Buille. Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil


Tabharfar spléachadh sa tsraith Buille, a léirigh Tyrone Productions do TG4, ar an bhfuinneamh agus ar an  spleodar atá le fáil i saol cheol comhaimseartha na hÉireann. Rinneadh an tsraith a thaifeadadh beo le linn 6 oíche speisialta in ionad iomráiteach Cyprus Avenue i gCathair Chorcaí, agus gealltar go mbeidh taispeantais den scoth, comhoibrithe speisialta agus ardán tugtha don chéad ghlúin eile de réaltaí ceoil na hÉireann.


Is í Louise Cantillon ó How To Gael agus Today FM a chuirfidh an tsraith i láthair in éineacht leis an gceoltóir agus réalta Grooveline Tarach Ó Snodaigh. ‘Top of the Pops agus an ceol nua Éireannach is fearr ag teacht le chéile’ atáthar a thabhairt ar Buille — sraith dhána, fhuinniúil agus nua-aimseartha nach bhfuil a leithéid le fáil ar theilifís na hÉireann faoi láthair.
Beidh léirithe ó chuid de na hainmneacha is spreagúla i gceol na hÉireann sa tsraith lena n-áirítear Le Boom, Tolü Makay, Grooveline, SexyTadhg, Chasing Abbey, Huartan, Toshín, David Keenan, Joshua Burnside, Rita Lynn agus go leor eile.
Ag labhairt faoin tsraith, dúirt an fhoireann léirithe:
‘Is ceiliúradh é Buille ar an tallann iontach ceoil atá ag teacht chun cinn ar fud fad na hÉireann san am i láthair. Bhí muid ag iarraidh sraith a chruthú a d’aimseodh atmaisféar agus tábhacht an cheoil bheo agus a thabharfadh ardán nua-aimseartha uaillmhianach d’ealaíontóirí Éireannacha.’

Toshin. Pictiur TG4Curtha ar fail
Toshín. Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil


Tugtar léirithe beo, agallaimh le healaíontóirí, míreanna ar chúl stáitse agus atmaisféar speisialta Cyprus Avenue le chéile sa tsraith seo chun eispéireas úr teilifíse a chur ar fáil don lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.
Léirítear tiomantas leanúnach TG4, trí mheascán den chultúr Gaeilge, ceol comhaimseartha agus léirithe beo fuinniúla, d’ealaíontóirí Éireannacha agus do chláir shiamsaíochta nuálacha a chruthú do lucht féachana nua leis an tsraith Buille.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram