Is le comhlacht Johnny Ronan an chuid is mó de na fuinneoga gloine dhaite i Bewley’s, tar éis cogadh cúirte teasaí

21/01/2023

Tá cinneadh déanta ag cúirt gur leith comhlacht réadmhaoine Johnny Ronan ceithre cinn de na fuinneoga gloine dhaite (stained-glass windows) i Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath.

Ach is le Bewley’s dhá cheann acu, a rialaigh an Ard-Chúirt.

Tá díomá ar úinéirí an chaifé gur rialaigh go bhfuil formhór na bhfuinneog, ar fiú thart ar €1 milliún iad, mar chuid den fhoirgneamh, agus nach leis an gcaifé iad.

Tá an chaifé ag fáil an foirgneamh ar cíos ó chomhlacht an Uasail Ronan.

Chuala an chúirt go n-íocann Bewley’s €1.4 milliún sa bhliain i gcíos agus gur chur dianghlasáil Covid-19 isteach go mór orthu.

Johnny Ronan Feature 768x448 1
Johnny Ronan

Theastaigh uathu cuidiú lena chíos a íoc trí na fuinneoga a dhíol le comhlacht an Uasail Ronan, a dúirt gur leo iad cheana féin.

Bhí roinnt argóintí theasaí ann le linn na n-éisteachtaí, idir ailtire caomhantais (conservation architect), James Slattery, agus abhcóide a rinne ionadaíocht thar ceann Bewley’s.

Cháin an breitheamh an t-ailtire as a iompar sa chúirt agus as an mbealach ar láimhseáil sé le ceisteanna a chuir abhcóide Bewley’s air, amhail is gur ‘maslach’ a bhí iontu.

Dúirt an Breitheamh Denis McDonald: ‘Tá sé tábhachtach go dtabharfadh saineolaithe a gcuid fianaise go hoibiachtúil.’

Ag an am céanna, dúirt sé go nglacfadh sé leis an bhfianaise.

Chruthaigh an t-ealaíontóir clúiteach Harry Clarke na fuinneoga gloine dhaite ornáideacha, a raibh tionchar mór ag gluaiseachtaí Art Nouveau agus Art Deco air roimh a bhás i 1931.

Coimisiúnaíodh iad i 1927 le haghaidh ‘caifé nua a bheidh áitithe ag Bewley’s Oriental Cafés’. Dúirt an breitheamh gur thuig sé, agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath, go bhféadfadh imní a bheith ar an bpobal faoin rialú i bhfabhar tiarna talún Bewley’s, agus go bhféadfadh go gciallódh sé go bhféadfaí na píosaí aitheanta gloine daite a scaradh

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram