Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann go bhféadfadh an teocht titim go -3C agus tá siad ag súil le haimsir faoi bhun an reophointe inniu (Dé Céadaoin).
Bhí ar go leor scoileanna dúnadh inné agus tá Rabhadh Buí le sneachta agus oighear ann thar an tír. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh scoileanna sna ceantair sin cinneadh a dhéanamh dúnadh má bhíonn fadhbanna leis an scoil, nó le hiompar chun na scoile.
Dúirt Met Éireann freisin go mbeidh ceathanna sneachta agus go mbeidh bóithre agus cosáin chontúirteacha mar gheall ar sin, mar go méadóidh an sneachta leis an oighear.
Ag labhairt di le Drivetime RTÉ aréir, dúirt an Meitéareolaí Joanna Donnelly: ‘Beidh sé an-fhuar amárach. Is ar éigean a bheidh an teocht ag dul thar an reophointe in áiteanna, go háirithe nuair a bheidh aon sneachta ina luí san áit.’
Agus lá an-fhuar eile a bheidh ann Déardaoin, a dúirt Met Éireann. Mairfidh an seal fuar go dtí deireadh an Déardaoin agus isteach Dé hAoine. Ach tosóidh an teocht ag méadú tar éis Déardaoin, nuair a tiocfaidh báisteach.
Idir an dá linn, tá rabhadh Stádas Buí le sneachta agus oighear i bhfeidhm faoi láthair i 17 gcontae. Is iad sin Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Cabhán, Muineachán, An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin, Longfort, Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí. Mairfidh sé sin go dtí 9am maidin Dé Céadaoin.
Faoin Aoine níor cheart go mbeadh an teocht chomh híseal, mar beidh aer níos séimhe ann chomh maith le báisteach, a dúirt Met Éireann.
Dúnadh roinnt scoileanna mar gheall ar an sneachta trom i gcodanna den tír Dé Mairt, nuair a thit an teocht go -7C.
Dúirt an Roinn Oideachais: 'Tá eolas curtha ar fáil do gach scoil maidir le déileáil le himeachtaí aimsire crua.'
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.