Gardaí áitiúla á moladh mar ‘laochra’, tar éis dóibh beatha linbh trí mhí d’aois a shábháil

14/01/2023

Tá gardaí áitiúla á moladh mar ‘laochra’ tar éis dóibh beatha linbh trí mhí d’aois a shábháil.

Tá ardmholadh faighte ag an nGarda Edel Dugdale agus ag an nGarda Grace Murray, as stáisiún Gardaí Bhaile Átha Troim (Trim), Contae An Mhí, as a gcuid iarrachtaí, tar éis do mháthair an linbh teacht chuig an stáisiún ag lorg cabhrach.

Agus an t-ospidéal is gaire 15km ar shiúl, rinne an bheirt an méid a d’fhéadfadh siad chun maireachtáil an linbh a chinntiú, agus tá an leanbh agus an mháthair ceart go leor anois.

Gardai generic2 960x560 1

‘Le seachtainí beaga anuas, tháinig bean go Stáisiún na nGardaí i mBaile Átha Troim agus í i bponc agus í ag iompar a cailín beag trí mhí d’aois nach raibh ag freagairt di. Bheadh an t-ospidéal is gaire timpeall 15km uaidh,’ a dúirt an Garda Síochána ar Instagram.

‘Bhí an Garda Edel Dugdale agus an Garda Grace Murray ar dualgas ag an stáisiún agus d’fhreagair siad láithreach le CPR. Tháinig an mothú ar ais ag an (regained consciousness) babaí arís agus tugadh aire di go dtí gur tháinig na paraimhíochaineoirí (paramedics) go luath.’

Lean an post ar aghaidh ag insint ar an chaoi a shábháil siad saol óg luachmhar mar gheall ar smaointeoireacht thapa.

‘Is sampla oiriúnach é seo do fhreagairt thapa an dá gharda mar aon lena scil agus a gcumas fanacht socair, de na gníomhartha laethúla a dhéanann baill den Gharda Síochána chun daoine a choinneáil sábháilte.

‘Is mór an faoiseamh dúinn go bhfuil ag éirí go maith leis an leanbh agus leis an máthair araon agus go bhfuil siad tar éis teacht chucu féin go hiomlán. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an máthair óg seo as a muinín a chur i ngardaí áitiúla chun cabhrú léi.’

I ndiaidh an phoist bhí tuairimí ó dhaoine ar fud na tíre, ag moladh iarrachtaí na ‘laochra’ áitiúla seo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram