Máthair sa chúirt cúisithe as marú a mac Matthew Healy, a bhí sé bliana d’aois

14/02/2024

Cúisíodh an bhean agus rabhadh (warning) á thabhairt ag gardaí go bhfuil caimiléirí (fraudsters) ag ligean orthu sruthanna beo (live streaming) de shochraid Matthew a thairiscint chun sonraí cárta creidmheasa (credit card details) a fháil

Tháinig bean os comhair Chúirt Dúiche Phort Láirge (Waterford) oíche Dé Máirt agus í cúisithe i ndúnmharú Matthew Healy, a mac a bhí sé bliana d’aois.

Tugadh Ruth Purcell Healy, atá 37, os comhair suí speisialta den chúirt, a raibh an Breitheamh Kevin Staunton i gceannas air, thart ar 9pm.

Tagann sé seo i ndiaidh í a ghabháil thart ar 6.05pm ag Bleachtaire-Sháirsint David Shore ó Stáisiún Gardaí Phort Láirge. Cúisíodh í go gairid ina dhiaidh sin ag 6.35pm as dúnmharú a mic, Matthew Healy.

Matthew Healy
Matthew Healy

Fuarthas an buachaill scoile marbh i gcúl cairr i gceantar Ráth Maoláin (Rathmoylan) i nDún Mór (Dunmore East), Co. Phort Láirge ar 9 Feabhra.

Rinneadh iarrachtaí chun a shaol a shábháil, ach ní raibh na paraimhíochaineoirí (paramedics) in ann é a athbheochan.

Thug siad Matthew go dtí Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge áit ar fógraíodh go raibh sé marbh.

Ina fhianaise, dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Shore gur iarradh ar Ms Purcell Healy an raibh sé ag iarraidh freagra a thabhairt ar an gcúiseamh a cuireadh os a comhair, agus d’fhreagair sí: ‘Níl, go raibh maith agat.’

Déanfar Ms Purcell Healy, as Gort an Easpaig, Baile Liam Bishopsfield, Williamstown), Cathair Phort Láirge, a athchur faoi choimeád i bPríosún Luimnigh go dtí a chéad láithreas cúirte eile trí nasc físe (videolink) Dé Máirt, 20 Feabhra.

D’ordaigh an Breitheamh Staunton go ndéanfaí meastóireacht shíciatrach (psychiatric evaluation), tar éis iarratas ón aturnae cosanta Ken Cunningham.

Ina theannta sin, d’ordaigh sé go bhfaigheadh sí aon aire leighis a mheastar a bheith riachtanach.

Táthar ag súil go ndéanfar iarratas ar bhannaí Ard-Chúirte (High Court bail) laistigh de na 14 lá atá romhainn.

Idir an dá linn, tá gardaí ag impí ar an bpobal gan titim i ngeall ar chamscéimeanna (scams) ag tairiscint sruthanna beo de shochraid Matthew Healy, a bheidh ar siúl Dé Céadaoin.

Tá searmanas sochraide Mhatha ar siúl ag Séipéal Mhuire gan Smál (Church of the Immaculate Conception) i bparóiste tuaithe Cnocán na Biolraí (Watergrasshill), Co. Chorcaí.

In ainneoin gur deimhníodh nach mbeidh an searmanas á chraoladh ar líne, tá caimiléirí (fraudsters) ag iarraidh leas a bhaint as tragóid na seachtaine seo caite trí shonraí cártaí creidmheasa (credit card details) a lorg chun an tAifreann a fheiceáil ar líne.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram