Máthair Éireannach ag troid chun a beirt mhac a fháil ar ais

Eiseofar barántas gabhála Eorpach ((European arrest warrant) d’athair an bheirt bhuachaill a fuadach iad óna máthair nuair a bhí siad ar saoire san Éigipt

Tá máthair Éireannach chroíbhriste faoin streachailt atá aici ag iarraidh a bheirt bhuachaill a fháil ar ais tar éis dóibh a bheith fuadaithe (kidnapped) dhá bhliain ó shin – agus léirigh sí an frustrachas atá uirthi leis an Rialtas.

Dúirt Ms Kelly go bhfuil sí i gcath leanúnach le rialtais na hÉireann agus na hÉigipte araon chun a cuid buachaillí a fheiceáil arís
Dúirt Ms Kelly go bhfuil sí i gcath leanúnach le rialtais na hÉireann agus na hÉigipte araon chun a cuid buachaillí a fheiceáil arís

Tá barántais ghabhála Eorpacha le heisiúint, faoi dheireadh, d’athair an bheirt bhuachaill a fuadach iad agus iad ar saoire san Éigipt dhá bhliain ó shin.

Ó shin i leith tá a máthair, Mandy Kelly, atá 37 bliain d’aois, in ‘ifreann’. Ní fhaca Ms Kelly a beirt mhac, Zayn Mohamed, 5, agus Kareem, 3, ó Aibreán 2022 tar éis dá hathair diúltú iad a thabhairt abhaile tar éis saoire theaghlaigh.

Rugadh an bheirt bhuachaill in Éirinn do Ms Kelly agus Ramy Gamal Maamoun Mohamed.

Ach le linn turais chun na hÉigipte chun seanmháthair na leanaí a fheiceáil i mí Aibreáin 2022, chuir sé Ms Kelly faoi ghlas í ina n-árasán agus thug sé na buachaillí uaidh.

Ó shin i leith, a dúirt Ms Kelly, tá sí i gcath leanúnach le rialtais na hÉireann agus na hÉigipte araon chun a cuid buachaillí a fheiceáil arís.

Mar sin féin, tá comhfhreagras faighte aici anois ón Roinn Dlí agus Cirt ag rá léi go mbuailfidh an tAire Helen McEntee léi sna seachtainí atá romhainn chun an cás a phlé.

Ní fhaca an máthair, Mandy Kelly a bheirt mhac, Zayn Mohamed, 5, agus Kareem, 3, ó Aibreán 2022
Ní fhaca an máthair, Mandy Kelly a bheirt mhac, Zayn Mohamed, 5, agus Kareem, 3, ó Aibreán 2022

Tá ‘frustrachas mór’ curtha in iúl ag Ms Kelly, as Dún Dealgan, Co. Lú, gur thóg sé os cionn dhá bhliain teacht ar an bpointe seo, ag rá go bhfuil ‘an córas briste’ maidir le leanaí fuadaithe a thabhairt le chéile arís lena máithreacha.

Labhair Ms Kelly leis an Irish Daily Mail faoin bpian atá aici mar níl sí in ann a bheirt bhuachaill a fheiceáil, agus an fearg atá uirthi le Rialtas na hÉireann as gan gníomhú go tapa go leor nuair a fuadaíodh iad.

Mar sin féin, tar éis dhá bhliain de throid, tá na barántais ghabhála Eorpacha dá n-athair le heisiúint, rud a chuireann srian mór ar a dheis taistil.

Eisíodh barántais chun é a ghabháil in Éirinn cheana féin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram