Seans go mbeidh ar RTÉ freagra a thabhairt do choiste Oireachtais eile faoi Toy Show The Musical.
An mhí seo caite, dúirt an Coiste um Chuntais Phoiblí (the Public Accounts Committee, PAC) go raibh siad ag iarraidh ar an gcraoltóir teacht os a chomhair, chun a mhíniú cén fáth a ndearna siad léiriú tráchtála ar leagan ceoil den Late Late Toy Show.
Agus tá sé tagtha chun solais anois go mb’fhéidir go n-iarrfadh Coiste Meán an Oireachtais ar RTÉ teacht os a chomhair lena chinneadh a mhíniú.
Scríobh Seanadóir Fhine Gael agus ball den choiste Micheál Carrigy chuig cathaoirleach an choiste Niamh Smyth i mí na Nollag faoin scéal.
Dúirt sé: ‘Ba mhaith liom go ndéanfadh an coiste machnamh ar chuireadh a thabhairt d’Ard-Stiúrthóir RTÉ freastal ar chruinniú chun an léiriúchán de Toy Show The Musical le déanaí a phlé.
‘Bunaithe ar fhaisnéis sna meáin deirtear go bhfuil figiúr de €2 mhilliún infheistithe, chomh maith le ham craolta suntasach (significant airtime) ar an raidió agus ar an teilifís.
‘Ar feadh na paindéime Covid d’iarramar mar choiste maoiniú ar an Aire agus a Roinn tacú le tionscal na n-ealaíon agus cuideachtaí léiriúcháin, le béim ar thréimhse an gheimhridh chun tacú lenár panto traidisiúnta,’ a dúirt sé.
Dúirt sé nár chreid sé gurbh é an ‘cinneadh ceart’ é airgead na gcáiníocóirí a úsáid chun an seó a reáchtáil mar ‘iomaíocht dhíreach’ (direct competition) do na ‘léirithe traidisiúnta panto na Nollag atá ann le fada an lá’.
Cáineadh Toy Show The Musical, go háirithe mar gheall ar roinnt seónna a cuireadh ar ceal le linn thréimhse na Nollag mar gheall ar bhreoiteacht i measc na n-aisteoirí, rud a chuir díomá ar go leor leanaí.
Cáineadh an costas ard freisin agus an mhí seo caite d’fhógair PAC imscrúdú ar a airgeadas.
Ach tá réalta Mrs Brown’s Boys Brendan O’Carroll i measc na ndaoine a chosain an seó.
Ag labhairt dó leis an Irish Daily Mail an mhí seo caite, dúirt sé: ‘Sílim go raibh sé thar a bheith cróga ar RTÉ an seans a thapú ar an Toy Show. Sin é an rud ba cheart dúinn a bheith ag súil leis ónár gcraoltóir náisiúnta.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.