Taylor agus a cat ar Instagram… ar fiú €90 milliún í

Bhain Taylor Swift suas le €530 milliún as a slí bheatha amhránaíochta, ach tá iomaíocht aici maidir le saibhreas – óna cat féin.

Is fiú €90 milliún a peata, Olivia Benson, cat Albanach, tar éis na milliúin daoine í a thaitin ar Instagram, agus a bheith taobh le Taylor i roinnt físeáin ceoil.

Ach níl in Olivia ach an tríú peata is saibhre ar domhan, de réir tuarascála ó All About Cats, suíomh gréasáin faisnéise d’úinéirí cait.

Fágadh í den áit uachtarach ag sípéir Gearmánach (German Shepherd) ón Iodáil darbh ainm Gunther VI, agus réalta cat ar Instagram darbh ainm Nala.

taylorswift5 1
Taylor Swift

Tháinig Nala chun suntais ar na meáin shóisialta tar éis dá húinéirí, Varisiri Methachittipan agus Shannon Ellis, íomhánna di a phostáil óna teach i Los Angeles.

Tá luach glan de €95 milliún ag an bpeataí, meascán tabby Siamese, agus tá ‘Guinness World Record’ aige mar gurb é an cat is mó a bhfuil tóir air ar na meáin shóisialta.

Ghlac a húinéirí Nala mar phiscín ó dhídean tarrthála (rescue shelter).

Ní raibh sí ar bharr an liosta rachmais (wealth), áfach, mar gur fiú €475 milliún an peata is saibhre ar domhan, an madra Gunther VI.

Fuair sé oidhreacht (inheritance) ilmhilliún dollar óna úinéir, an Chuntaois Ghearmánach Karlotta Liebenstein.

Is leis an Gunther Corporation é anois, a bhainistíonn eastát agus fhortún an mhadra.

Idir an dá linn, rinne cat Taylor a fortún lena líne marsantais (merchandise) féin agus leis na fógraí mórbhuiséid, lena n-áirítear ceann do Diet Coke in 2014. Bhí sí le feiceáil in éineacht lena húinéir ar físeanna freisin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram