Cáineadh Tesco ar líne mar gheall ar aistriúchán Gaeilge míchruinn i gceann dá shiopaí.
Ar chúis éigin aistríodh an comhartha le haghaidh ‘domestic appliances’ mar ‘díbholaigh do mhná’. Ach, de réir Teanglann.ie aistríonn sé seo go Béarla mar ‘deodorize for women’.
Cé go bhfuil an siopa Tesco a rinne an botún molta as an iarracht a dhéanamh comharthaí Gaeilge a úsáid, tá sé cáinte ar líne.
Níos measa fós, tá sé tugtha le fios ag roinnt cáinteoirí gur aistríodh ‘domestic’ mar ‘do mhná’, ar lá amháin roimh Nollaig na mBan, lá chun neamhspleáchas na mban a cheiliúradh.
Roinn úsáideoir Twitter amháin íomhá den bhotún, as an siopa Tesco, atá lonnaithe ar Bhóthar Áth Cinn (Headford Road) i nGaillimh.
Scríobh an t-úsáideoir i mBéarla:
‘Hello @TescoIrl on the eve of #NollaignamBan note that domestic appliances does not translate in Irish to “appliances for women” please amend.’
D’fhreagair urlabhraí Tesco an tweet, ag gabháil a leithscéal as an earráid agus ag gabháil buíochais leis an mbean as é a thabhairt dá n-aird.
‘Hi there, thanks for getting in touch. I do apologise to hear about this and I will certainly relay this back to the store for you,’ dúirt siad.
Sa chuid tuairimí den phost bhí úsáideoirí éagsúla Gaeilge ag roinnt a gcuid frustrachas faoin aistriúchán míchruinn.
Dúirt duine amháin: ‘Oh dear…talk about lost in translation and a proof reader with no Irish..”baile” would cover it … Home appliances.’
Dúirt duine eile: “Díbholaígh do mhná” is women’s deodorant. Think this is just an error rather than anything more sinister.’
Chuir TG4TV freagra cliste ar fáil, gan focal ar bith. Chuir siad radharc ón scannán Lost in Translation suas.
Is é Nollaig na mBan an 12ú lá agus an lá deiridh de Nollaig, 6 Eanáir. Go traidisiúnta, is lá é nuair a ghabhtar buíochas le mná na hÉireann as a gcuid oibre go léir le linn shéasúr na Nollag agus nuair a dhéanann fir an obair ‘domestic’.
Ach le déanaí is lá é chun éachtaí na mban atá ag troid ar son comhionannais agus saoirse na mban a cheiliúradh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.