FOLÁIREAMH SLÁINTE! Caith masc … faigh an ‘booster’… faigh an ‘flu jab’ …  agus déan tástáil Covid roimh teacht le chéile Lá Nollag

Caith masc in áiteanna poiblí plódaithe, faigh do theanndáileog (Covid booster dose) , faigh an ‘flu jab’ … agus déan tástáil Covid roimh teacht le chéile le do theaghlach Lá Nollag.

Sin an teachtaireacht don phobal, tar éis líon na gcásanna Covid méadaithe faoi dhó.

Tá foláireamh tugtha ag Comhairleoir Leighis na tíre, Breda Smyth, go bhfuil líon ard cásanna Covid agus fliú timpeall orainn. Agus tá siad ag cur brú ar ár n-oibrithe sláinte, agus ar chóras sláinte atá faoi bhrú cheana féin.

Deimhníodh 646 cás de Covid Déardaoin, sin 100 cásanna níos mó ná Dé Máirt. Agus bhí líon na ndaoine in ICU ag 26, le seachtar sa bhreis Dé Céadaoin.

Breda Smyth 3 1168x681 1
Breda Smyth

Go bunúsach tá ardú ollmhór ar líon na n-othar a bhfuil Covid agus an fliú orthu.

Dúirt Príomh Oifigeach Leighis (Chief Medical Officer, CMO),  an tOllamh Smyth, Dé Céadaoin, go bhfuil Éire ‘i súile stoirme víreas riospráide’ (eye of the storm of a respiratory virus) agus muid ag druidim le tréimhse na Nollag.

Agus tá an bhagairt dár sláinte ag méadú. Dúirt sí gur diagnóisíodh 120 cás den Covid in ospidéil ar fud na tíre thar an oíche sin.

Tá Covid agus an fliú ag scaipeadh ag an am céanna an geimhreadh seo, rud a fhágann go bhfuil méadú ollmhór ar na galair.

Dúirt sí freisin go raibh laghdú tagtha ar an líon daoine a ghlac le teanndáileog (booster dose) agus dúirt sí leo siúd atá i dteideal é a fháil: Faigh é anois. Dúirt sí go bhfuil an teanndáileog an-éifeachtach i gcoinne Omicron.

Thug sí foláireamh (alert) freisin faoi Covid agus fliú, do dhaoine gan dul chuig cóisirí na Nollag agus maisc a chaitheamh ar iompar poiblí má tá siomptóim orthu.

Dúirt an tOllamh Smyth go n-áirítear leis an gcomhairle seo gan bualadh le teaghlach am Nollag má tá comharthaí Covid agat.

Tá sí ‘an-imníoch’ faoin ardú a tháinig ar líon na n-iontrálacha ospidéil le Covid le déanaí, agus d’iarr sí ar dhaoine iarracht chomhbheartaithe (concerted effort) a dhéanamh thar na ceithre nó sé seachtaine amach romhainn chun iad a laghdú.

Dúirt sí: ‘Gach lá, ar an meán, tá 96 daoine nua san ospidéal le Covid.’

Nurses Feature 768x448 2

D’iarr sí freisin ar daoine an ‘flu jab’ agus an vacsaín Covid a fháil mura bhfuil sé sin déanta cheana féin.

Agus thug Príomh Oifigeach Oibríochtaí (Chief Operations Officer) de chuid an HSE, Damien McCallion, foláireamh go bhfuil an tseirbhís sláinte faoi bhrú ó ‘triple wave of viruses’.

Bhí 250 leanbh san ospidéal le víreas riospráide syncytial (RSV orthu) freisin.

Dúirt an tOllamh Smyth go bhfuil sí ‘an-bhuartha’ faoin ardú atá tagtha ar an gCovid le déanaí sular tháinig méadú ar ár teacht le chéile, thar thréimhse na Nollag.

Dúirt sí, ainneoin go raibh Covid ‘go mór’ sa timpeallacht, go raibh sé ar leibhéal áirithe go dtí seo.

Dúirt sí: ‘Mar sin féin, thar an tseachtain seo caite go háirithe, tá ardú suntasach feicthe againn ar líon na gcásanna Covid.

‘Le seacht lá anuas, tá méadú 50% tagtha ar ár gcásanna Covid san ospidéal.

Mholl sí ‘maisc á caitheamh ar iompar poiblí’. Agus dúirt sí:  ‘Faoi láthair, tá an comhlíonadh an-íseal agus is anois an t-am chun iad a chaitheamh.

‘Más féidir le daoine iarracht chomhbheartaithe (concerted effort) a dhéanamh, thar na ceithre nó sé seachtaine amach romhainn, déan iarracht muid féin a chosaint ó bheith tinn, agus ár ngaolta soghonta a chosaint… chomh maith leis sin, chun ár gcóras sláinte a chosaint.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram