Tá ceannairí sláinte tar éis spreagadh a thabhairt don phobal vacsaíní Covid agus fliú a fháil tar éis do níos mó ná 11,000 duine a bheith san ospidéal leis na coinníollacha an geimhreadh seo caite.
Tá vacsaíní saor in aisce don fhliú agus Covid-19 tugtha isteach arís ag an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS) do dhaoine atá 60 bliain d’aois agus níos sine.
Tá na vacsaíní ar fáil saor in aisce freisin d’oibrithe cúram sláinte, agus d’aon duine atá ag iompar clainne nó a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu.
Beidh na vacsaíní ar fáil ag dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna rannpháirteacha, agus cuirfear clinicí vacsaínithe oibrithe cúram sláinte ar bun in ionaid oibre freisin.
Tá geallta ag foirne vacsaínithe FSS (HSE) go gcuirfear vacsaíní ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in áiseanna cúraim chónaithe, lena n-áirítear tithe altranais, agus d’othair atá gafa sa teach.
Tháinig an feachtas is déanaí ón tSeirbhís Sláinte le rabhadh nár cheart dúinn a bheith bogásach (complacent) faoi vacsaíní don fhliú agus Covid-19.
Tháinig ardú 60% ar chásanna Covid ar fud na hÉireann i rith an tsamhraidh agus bhí an ghéarchéim chomh dona sin go raibh ar ospidéil cosc a chur ar bhaill teaghlaigh cuairt a thabhairt ar othair.
Thug an Dr Louise Marron, comhairleoir i míochaine sláinte poiblí ag an Oifig Náisiúnta Imdhíonta an FSS
(HSE National Immunisation
Office), rabhadh do dhaoine an instealladh a fháil ionas gur féidir leo iad féin agus a ngaolta a chosaint.
Dúirt sí: ‘An geimhreadh seo, táthar ag súil go scaipfidh víris fliú agus Covid-19 araon.
‘Víris éagsúla is cúis leis an bhfliú agus an Covid-19, ach is féidir leis an dá cheann a bheith ina gcúis le tinneas tromchúiseach.
‘An geimhreadh seo caite cuireadh os cionn 4,000 duine san ospidéal leis an bhfliú agus cuireadh os cionn 7,000 duine san ospidéal le Covid-19.’
Dúirt sí: ‘Titeann ár n-imdhíonacht le himeacht ama agus mar sin tá sé tábhachtach vacsaíniú a fháil an geimhreadh seo chun cosaint a fháil ar tréithchineálacha imshruthaithe agus chun do chosaint a mhéadú.’
Is féidir le mná torracha an vacsaín pertussis, a chosnaíonn ar an triuch (whooping cough), a fháil saor in aisce.
Is féidir le daoine os cionn 65 iad féin a chosaint freisin ar niúmóine, seipticéime agus meiningíteas le vacsaín saor.
Tá vacsaín an fhliú sróine, a bheidh ar fáil ón tseachtain seo chugainn, do dhaoine idir dhá bhliain agus 17 mbliana d’aois.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.