Rabhadh HSE faoi víreas análaithe RSV do naíonáin agus do dhaoine scothaosta

Tá sé ráite ag an HSE le tuismitheoirí a gcuid leanaí an-óg a ‘chocúnaigh’ mar gheall ar méadú ollmhór ar chásanna RSV i gceann seachtaine

Tá sé ráite ag an HSE (Feidhmeannacht Seirbhíse Sláinte, FSS) le tuismitheoirí go raibh 829 cás nua de RSV (víreas syncytial riospráide) le seachtain anuas, de réir tuairisce ar RTÉ.

De réir an HSE, is víreas coitianta é RSV a chuireann casacht agus slaghdán ar daoine. Mar sin féin, is é an chúis is mó le bronchiolitis agus niúmóine (bronchiolitis and pneumonia) i leanaí an-óg freisin.

‘Molaimid do dhaoine a bhfuil leanaí acu, go háirithe leanaí óga, iarracht a dhéanamh iad a chocúnaigh'
‘Molaimid do dhaoine a bhfuil leanaí acu, go háirithe leanaí óga, iarracht a dhéanamh iad a chocúnaigh’

Is féidir leis a bheith an-tromchúiseach do:

• leanaí faoi bhliain d’aois:

• leanaí idir bliain d’aois agus 4 bliana d’aois:

• leanaí agus daoine fásta a bhfuil fadhbanna  scamhóige nó croí (lung or heart) orthu;

• daoine a bhfuil córas imdhíonachta (immune system) lag acu;

• daoine fásta atá 65 bliana d’aois agus níos sine;

Tá foláireamh tugtha ag an HSE freisin mar gur tháinig méadú faoi dhó ar líon na n-othar a ligeadh isteach in ospidéil mar gheall ar an bhfliú an tseachtain seo caite.

Chomhairligh an Dr Abigail Collins, Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta do Chlár Sláinte Poiblí Sláinte Leanaí an HSE, do thuismitheoirí a bheith ag faire amach do chomharthaí mar casachtach, cársánach (wheezing), srón ag sileadh, deacracht le bia, scornach tinn, nó fiabhras (fevers).

Dúirt sí gurb é an chomhairle is fearr clúdach casachtach agus sraothartaí (sneezes), chomh maith le níocháin láimhe go rialta.

Tá foláireamh tugtha ag an HSE freisin mar gur tháinig méadú faoi dhó ar líon na n-othar a ligeadh isteach in ospidéil mar gheall ar an bhfliú
Tá foláireamh tugtha ag an HSE freisin mar gur tháinig méadú faoi dhó ar líon na n-othar a ligeadh isteach in ospidéil mar gheall ar an bhfliú

‘Tá gach rud an-tábhachtach chun teorainn a chur le leathadh na tinnis riospráide,’ dúirt sí.

‘Molaimid do dhaoine a bhfuil leanaí acu, go háirithe leanaí óga, iarracht a dhéanamh iad a chocúnaigh agus iad a sheachaint i sluaite móra, nó in aice le daoine a bhfuil slaghdán agus siomptóim riospráide orthu.

‘Má tá do leanbh tinn, coinnigh amach ó leanaí eile agus ó dhaoine fásta leochaileacha iad nuair is féidir.’

baby1
‘Má tá do leanbh tinn, coinnigh amach ó leanaí eile agus ó dhaoine fásta leochaileacha iad nuair is féidir.’

Glacadh suas le 40 leanbh in aghaidh na seachtaine chuig dianchúram mar thoradh ar RSV ó thús mhí na Samhna.

An tseachtain seo caite bhí an líon ospidéalaithe seachtainiúil is airde de bharr cásanna RSV in Éirinn, rud a sháraigh buaic bhorradh na bliana seo caite.

Iarradh ar dhaoine cuidiú leis an leathadh a theorannú trí chasacht a chlúdach agus a chinntiú go bhfuil gach vacsaín cothrom le dáta acu, lena n-áirítear an fliú agus Covid-19.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram