Tá Covid ag méadú in Éirinn agus ar fud na hEorpa, ach seo an méid is féidir linn a dhéanamh chun gach duine a chosaint

06/06/2024

Tugann na húdaráis sláinte rabhadh faoi mhéadú ar Covid, mar sin faigh an vacsaín agus an teanndáileog (booster) má tá sé de dhíth ort, a dúirt siad

Tá Covid ag méadú go tapa in Éirinn –agus freisin i dtíortha ar fud na hEorpa ina bhféadfaidh teaghlaigh dul ar saoire an tsamhraidh, sin de réir na húdaráis sláinte.

Tuairiscíodh 502 cás sa tseachtain go dtí 2 Meitheamh, sin i gcomparáid le 306 cás an tseachtain roimhe sin, méadú 19.1%.

Ach bhí sé sin i gcomparáid leis an tseachtain roimhe sin, nuair a tuairiscíodh 257 cás.

Is ábhar imní é sin, mar laistigh de dhá sheachtain tháinig méadú 49 ar líon na gcásanna sa chéad seachtain; agus faoi 194 an tseachtain dár gcionn.

Beidh teanndáileog (booster) an earraigh den vacsaín Covid ar fáil go dtí Dé hAoine seo chugainn
Beidh teanndáileog (booster) an earraigh den vacsaín Covid ar fáil go dtí Dé hAoine seo chugainn

Bhí an patrún sin d’ardú gasta coitianta le linn na heipidéime agus bhí básanna agus srianta mar thoradh air.

Níor tuairiscíodh aon iontrálacha ICU agus níor tuairiscíodh aon bhás le seachtain anuas. Mar sin féin, d’ardaigh líon na n-othar ospidéil leis an víreas go 154, méadú de 40% thar dhá sheachtain.

Ag labhairt dó ar Nuacht ag a hAon ar RTÉ, dúirt an Dr Éamonn O’Moore, Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Chosaint Sláinte (National Health Protection Office,  HPSC): ‘Is í an teachtaireacht go fóill ná glacadh le tairiscint vacsaíní má tá tú i ngrúpa a thairgtear iad.’

Beidh teanndáileog (booster) an earraigh den vacsaín Covid ar fáil go dtí Dé hAoine seo chugainn, 14 Meitheamh, agus moltar dóibh siúd atá incháilithe (eligible) é a fháil chomh luath agus is féidir.

Ábhar imní amháin is ea an t-ardú atá tagtha ar ghluaiseachtaí frith-vacsaínithe mar chuid de na grúpaí fíordheis atá ag scaipeadh mífhaisnéis (misinformation) ar líne agus sna meáin.

Fuarthas amach i suirbhé a rinne Annenberg Public Policy Centre, University of Pennsylvania, i mí Dheireadh Fómhair, go bhfuil muinín an phobail as vacsaíní ag titim go seasta.

Mhéadaigh céatadán na ndaoine fásta a chreideann go bhfuil vacsaíní ceadaithe neamhshábháilte go 16% ó 9% in 2021.

Fuarthas amach sa suirbhé freisin go nglactar le héilimh bhréagacha agus neamhchruthaithe faoi vacsaíní agus Covid-19 go forleathan inniu ná mar a bhí 2½ bliain ó shin.

Is é an toradh atá air seo ná méadú ar líon na gcásanna den bhruitíneach (measles) ba chúis le bás agus imní faoi mhéaduithe ar an Covid agus ar ghalair eile is féidir a rialú.

Dúirt an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (Health Protection Surveillance Centre, HPSC) go bhfuil Covid in Éirinn ag méadú agus tá sé seo le feiceáil i roinnt tíortha Eorpacha eile freisin.

Is é an leagan JN.1 – ar a dtugtar Juno freisin – an leagan ceannasach in Éirinn agus ar fud an domhain faoi láthair.

An tseachtain seo caite deimhníodh go bhfuil leagan do Covid-19 leis an leasainm FLiRT anseo freisin.

Léiríonn sonraí sealadacha go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar chásanna Covid.

Dúirt an HPSC: ‘Bhraitheamar tonnta an earraigh (spring wave) agus an tsamhraidh de scaipeadh méadaithe Covid i 2022 agus 2023.

‘Ar an dea-uair bhí tonnta an earraigh agus an tsamhraidh seo níos lú ná tonnta an gheimhridh.

Níl aon fhianaise ann go bhfuil leagan nua SARS-CoV-2 bainteach le galair níos troime agus tá táscairí (indicators) an ghalair thromchúisigh Covid in Éirinn fós íseal
Níl aon fhianaise ann go bhfuil leagan nua SARS-CoV-2 bainteach le galair níos troime agus tá táscairí (indicators) an ghalair thromchúisigh Covid in Éirinn fós íseal

‘Níl aon fhianaise ann go bhfuil leagan nua SARS-CoV-2 bainteach le galair níos troime agus tá táscairí (indicators) an ghalair thromchúisigh Covid in Éirinn fós íseal.

‘Mar a tharla sna tonnta roimhe seo, áfach, má thagann méadú suntasach ar líon na gcásanna Covid, is dócha go dtiocfaidh méadú éigin ar líon na ndaoine a bhfuil galar trom orthu.

‘Tá feicthe againn freisin i dtonnta roimhe seo go bhfuil méadú ar scaipeadh sa phobal mar thoradh ar mhéadú ar ráigeanna i dtithe altranais agus i suíomhanna cúram sláinte eile,’ a dúirt an HPSC.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram