An seachtain na Nollag seo, d’fhoghlaim breis agus milliún teaghlach go mbainfidh siad leas as bronntanas €50 ó Electric Ireland.
Dúirt an chuideachta, áfach, nach dtiocfaidh na híocaíochtaí creidmheasa (credit) isteach go dtí an bhliain nua; nuair a bheidh teaghlaigh ag tabhairt aghaidh ar na billí ollmhóra cárta creidmheasa (credit cards) sin.
Tabharfar an creidmheas €50 do gach custaiméir leictreachais cónaithe reatha. Dúirt siad freisin go méadófar Ciste Cruatain (Hardship Fund) Electric Ireland ó €3 milliún go €5 milliún.
Tagann an fógra i ndiaidh fógra chosúla ó SSE Airtricity, chomh maith le cáineadh leanúnach ar an mbrabús a rinne an ESB, máthairchuideachta (parent company) Electric Ireland.
Tháinig ardú mór ar bhrabúis ESB sna sé mhí go dtí deireadh mhí an Mheithimh, de réir mar a tháinig ardú ar phraghsanna fuinnimh.
Mhéadaigh tuillimh ó €128.4 milliún go €390.3 milliún bliain ó shin. Ach le sin bhí gnóthachain nach dtiocfadh arís, mar gheall ar gníomhaíocht an margadh domhanda.
Bainfidh oiread agus 1.1 milliún custaiméir leas as an gcreidmheas €50 a chuirtear i bhfeidhm ar gach custaiméir leictreachais cónaithe de chuid Electric Ireland.
Thug Pat Fenlon, stiúrthóir feidhmiúcháin ag Electric Ireland faoi deara gur ‘bliain an-dúshlánach a bhí in 2022 do chustaiméirí fuinnimh’.
Dúirt sé go raibh sé sin ‘go príomha mar thoradh ar arduithe i bpraghsanna gáis idirnáisiúnta’.
Mar sin féin, tagann an bronntanas tar éis don chuideachta méaduithe breise a fhógairt ar a billí cónaithe leictreachais agus gáis, a tháinig i bhfeidhm ó mhí Dheireadh Fómhair, tar éis ardú i mí Lúnasa.
Dúirt Electric Ireland go raibh orthu é seo a dhéanamh mar go leanann an ghéarchéim idirnáisiúnta fuinnimh ag cur isteach ar a gcuid costais.
Is ionann na meánmhéaduithe (average increase) agus €37.20 in aghaidh na míosa ar an meánbhille (average bill) leictreachais cónaithe agus €42.99 in aghaidh na míosa ar an meánbhille gáis chónaithe. Tá sé sin bunaithe ar an mbille bliantúil measta, de réir an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (Commission for Regulation of Utilities, CRU).
Dúirt an chuideachta go bhfuil méaduithe ar ghás mórdhíola (wholesale) os cionn 700% le 12 mhí anuas, agus os cionn 200% ó mhí an Mheithimh 2022 amháin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.