Sábhálfaidh teaghlaigh a fhaigheann gás agus leictreachas ó Electric Ireland €428.74 sa bhliain ar chostais tar éis an laghdaithe praghais is déanaí.
Tá costais gháis á laghdú 10% agus billí leictreachais á laghdú 12% do theaghlaigh ag Electric Ireland, ón 1 Samhain.
Agus beidh an laghdú praghais chun tairbhe (benefit) do 1.1 milliún custaiméir.
Mar sin féin, d’ardaigh Electric Ireland praghsanna trí huaire anuraidh, agus tagann an cinneadh is déanaí tar éis seachtainí de bhrú ó thaobh na polaitíochta agus na dtomhaltóirí (consumers) ar na soláthraithe fuinnimh ar fad chun praghsanna a laghdú, toisc go bhfuil a gcostas mórdhíola (wholesale) ag titim.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur cuireadh fáilte roimh an laghdú ar phraghsanna fuinnimh, ach ní chreideann sé gur leor iad fós.
Ag labhairt dó ar News at One ar RTÉ, dúirt Varadkar go bhfuil sé beartaithe aige bualadh le comhlachtaí fuinnimh go luath chun a rá leo gur cheart tuilleadh laghduithe a dhéanamh.
Is ionann na laghduithe – sa ráta aonaid agus sa mhuirear seasta (standing charges) araon – le coigilt (saving) de €17.67 in aghaidh na míosa ar an meánbhille leictreachais agus €18.06 in aghaidh na míosa ar an meánbhille gáis.
Dúirt Electric Ireland go bhfuil sé seo bunaithe ar an mBille Bliantúil Measta (Estimated Annual Bill) mar atá sainmhínithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (Commission for Regulation of Utilities).
Dúirt Electric Ireland go sábhálfaidh a chuid custaiméirí leictreachais €212.06 ar an meán agus go sábhálfaidh a chustaiméirí gáis €216.67 ar an meán ar bhillí bliantúla.
Is comhlaghdú (combined reduction) bliantúil é seo de €428.74 do chustaiméirí débhreosla (dual fuel) Electric Ireland.
D’ardaigh Electric Ireland praghsanna trí huaire anuraidh, leis an gceann is deireanaí i mí Dheireadh Fómhair nuair a tháinig méadú 26.7% ar bhillí leictreachais cónaithe agus 37.5% ar bhillí gáis.
Chomh maith le sin dhearbhaigh Energia ar Dé hAoine seo caite go ngearrfaidh siad a phraghsanna fuinnimh tí do chustaiméirí i mí Dheireadh Fómhair.
Gearrfar rátaí 20% ar dhaoine ar phleananna méadair Smart, arb ionann é sin agus laghdú €357 sa bhliain. Beidh laghdú 20% freisin ar rátaí débhreosla (dual fuel) leictreachais agus gáis.
Is comhlaghdú (combined reduction) bliantúil é seo de €682 sa bhliain, bunaithe ar an meánbhille bliantúil.
Tiocfaidh laghdú 15% ar a ngnáth rátaí (standard rate) leictreachais, rud a fhágann coigilteas (saving) de €305 in aghaidh na bliana, bunaithe ar an meánbhille bliantúil.
Tá rátaí aonaid gháis le laghdú 20%, agus beidh laghdú €325 ar an meánbhille bliantúil.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.