Camáááán Luimneach! Beidh an cluiche ceannais leictreach do mhic léinn sa Chorn Mhic Giobúin (Fitzgibbon Cup) Electric Ireland

17/02/2024

Tá Corn Mhic Giobúin (Fitzgibbon Cup) Electric Ireland beo Dé Sathairn ar TG4 – ach tá an bua ag Luimneach cheana féin!

Ní féidir le JP McManus an chreidiúint ar fad a ghlacadh as rath iomána (hurling) Luimnigh. I gcomórtas Chorn Mhic Ghiobúin Electric Ireland, mar shampla, téann na himreoirí féin amach chun rud a dhéanamh dóibh féin.

Agus má cheapann lucht leanta Chill Chainnigh, Gaillimh nó Tiobraid Árann go bhfuil laige feicthe acu i bhfoireann chontae Luimnigh, ní fhaca siad a bhfuil ag teacht chun cinn i measc na bhfoirne atá ag lorg glóire Mhic Giobúin.

Corn Mhic Giobúin Electric Ireland: Shane Meehan
Corn Mhic Giobúin Electric Ireland: Shane Meehan

I mbliana, imreoidh dhá fhoireann Luimnigh, Coláiste Mhuire gan Smál (Mary Immaculate College, MIC) agus Ollscoil Luimnigh, i gcluiche ceannais iomána na gcoláistí – Corn Mhic Giobúin Electric Ireland.

Agus cé go bhfuil cead ag foirne peile agus iomána na gcoláistí na rialacha CLG is naofa (most sacred GAA rules) a bhriseadh agus línte an pharóiste agus an chontae a thrasnú, léiríonn sé cé chomh láidir is atá an cluiche dúchais sa sciath chosanta (bastion) sin den rugbaí.

Bhuaigh Coláiste Mhuire gan Smál in aghaidh SETU Phort Láirge ina gcluiche leathcheannais Chorn Mhic Giobúin Electric Ireland, ainneoin dhá chúil sa dara leath ag mic léinn Phort Láirge.

Mar sin féin, fuair coláiste Luimnigh a dhá chúil féin, ceann i ngach leath.

Fuair Shane Meehan an chéad chúl agus fuair Diarmuid Cahill an dara cúl. Bhuaigh siad 2-18 in aghaidh 2-12.

Is cosúil go bhfuil Ollscoil Luimnigh ar chúrsa chun aithris a dhéanamh, i gCorn Mhic Giobúin Electric Ireland, ar an méid atá déanta ag foireann an chontae cheana féin, i gcraobh Uile-Éireann, agus an bua a fháil cheithre uaire as a chéile.

Beidh na daltaí ag lorg a dtríú Corn Mhic Giobúin Electric Ireland as a chéile i gcluiche an tSathairn.

Mar sin féin, bhí an t-ádh leo an cluiche ceannais a bhaint amach. Fuair an tosaí ón Chlár Mark Rodgers cúl agus fuair Killian Sampson as Uíbh Fhailí (Ofally) pointe déanach sa chluiche leathcheannais in aghaidh Ollscoil na Gaillimhe. Bhuaigh siad 1-18 in aghaidh 0-20.

Cén áit agus cén uair?

Imreofar cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin Electric Ireland idir Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU)  Mainistir O dTorna (Abbeydorney), Co Chiarraí, Dé Sathairn 17 Feabhra ag 2.45in.

Cá háit is féidir linn féachaint air

Beidh cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin Electric Ireland á thaispeáint beo ar TG4, ag tosú ag 2.35in


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram