

Tá Oíche Shamhna thart, agus anois, tá an Nollaig faoi lánseoil.
An bhfuil sé róluath cheana féin an crann Nollag a chur in airde?
Agus cathain is féidir linn tosú ag baint úsáid as an leithscéal cáiliúil sin: ‘Sí an Nollaig í’?

Níl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachtaí ach díreach ag teacht chucu féin i ndiaidh Oireachtas na Samhna an tseachtain seo caite, agus tá margaí na Nollag faoi lán seoil cheana féin.
Bail ó Dhia orainn.
Ach, i gcás roinnt leantóirí móra na Nollag, níl a leithéid de rud ann agus ‘róluath’ maidir leis na maisiúcháin.

De réir Evoke.ie, tá tús curtha le séasúr na Nollag cheana féin ag roinnt mhaith daoine cáiliúla Éireannacha, Shane Lowry agus Rosanna Davison ina measc.
Tá pictiúir dá gcuid maisiúchán Nollag roinnte acu ar na meáin shóisialta, agus níorbh fhada go raibh na Grinches ar líne ag roinnt a gcuid tuairimí!

Cé go bhfuil daoine áirithe den tuairim gur cheart fanacht go dtí mí na Nollag sula gcuirtear na maisiúcháin in airde, tá daoine eile den tuairim nach féidir an iomarca Nollag a bheith ann. Tar éis an tsaoil, ní mhaireann an séasúr ach cúpla seachtain
Ach cad fúinne féin? An bhfuil an crann Nollag curtha in airde agaibh cheana féin, nó an bhfuil sibh ag fanacht go foighneach go dtí mí na Nollag?

An bhfuil soilse ag glioscarnach sna fuinneoga, agus Michael Bublé ag seinm arís ar an chóras fuaime agaibh an deireadh seachtaine seo?
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.