An Oíche ar a Choncáil Carr Joe Dolan

03/11/2026

Níor leor cúig oíche do mhuintir Chois Fharraige!

Níor leor trí oíche do mhuintir Chois Fharraige – agus níor leor cúig oíche ach oiread, de réir dealraimh! 

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Nuair a cuireadh An Oíche ar a Choncáil Carr Joe Dolan, dráma Chumann Drámaíochta Chois Fharraige, ar stáitse Amharclann Chois Fharraige, bhí an oiread sin éilimh air gur cuireadh dhá oíche eile leis an sceideal bunaidh.

Bhailigh breis agus 700 duine i Seanscoil Sailearna chun an léiriú a fheiceáil, agus bhí an seanfhoirgneamh lán le gáirsiúlachta, le greann agus le hatmaisféar a chuirfeadh beocht i bhfad ní ba mhó ná carr Joe Dolan féin.

f0c3af15 488c 4541 8062 dbbc176aa5a8

Is cumann amaitéarach é Cumann Drámaíochta Chois Fharraige, le poist lánaimseartha ag an chliar agus ag an chriú taobh amuigh den amharclann. Murach sin áfach, dá mbeadh an deis ag an lucht féachana, b’fhéidir go mbeadh orthu cúpla oíche eile a chur ar fáil.

Mar a scríobh duine amháin ar Facebook: “Tá mé ag ceapadh dá mbeadh mí eile aige sa seanscoil go mbeadh sé díolta amach chuile oíche.”

Ní leor scéal maith chun dráma den scoth a chruthú. Teastaíonn aisteoirí a bhfuil an cumas acu na carachtair a thabhairt chun beatha.

Bhí moladh mór le rá ag an stiúrthóir, Eoghan Ó Riada, faoi na príomhaisteoirí, Colm Joe Mac Donncha agus Colman Seoighe.

“Níl níos fearr le fáil,” a dúirt sé.

Dar le hEoghan, tá an taithí agus an caidreamh atá idir an bheirt le sonrú go soiléir ar an stáitse. Tá aithne mhaith acu ar a chéile agus tá muinín acu as a chéile, rud atá ríthábhachtach sa ghrinn.

“Tá aithne mhaith acu lena chéile agus foighne acu lena chéile sa mhéid is go bhfuil a fhios acu má bhíonn ciúnas ann, go bhfuil an líne le teacht ón aisteoir eile, agus bíonn an fhoighne acu fanacht leis.”

Cuid mhór den mhealladh a bhain leis an dráma ná na féamhacha a bhí aige i saol agus i dteanga mhuintir na háite. Ba dhráma é faoi mhuintir na háite, do mhuintir na háite agus á chur i láthair ag muintir na háite.

joe dolan

Ba é Pádraic McIntyre a scríobh an bunleagan Béarla, agus ba í Brídie Ní Churraoin a d’aistrigh an dráma go Gaeilge. Ní hionann dráma a aistriú agus focail a athrú ó theanga amháin go teanga eile. Caithfidh an greann oibriú, caithfidh na comhráite a bheith nádúrtha, agus caithfidh an teanga a bheith inchreidte.

Mura raibh an teachtaireacht soiléir ón líon daoine a tháinig chuig na léirithe, bhí sí le feiceáil ar na meáin shóisialta chomh maith. 

Bhí moladh le fáil ar Facebook ó dhaoine a bhí tar éis an dráma a fheiceáil.

“Bhí sé thar cionn ar fad. Rinne mé an oiread gáirí!”

“An mbeidh an dráma seo ag teacht aon áit eile as Gaeilge? Ba bhreá liom é a fheiceáil!” 

Má tá an oiread sin daoine ag iarraidh tuilleadh, b’fhéidir nach é seo deireadh scéal charr Joe Dolan fós. Coinneoimid súil amach le fáil amach an mbeidh deis ag lucht féachana eile blaiseadh den ghreann i gConamara!

joe dolan 2

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram