

Ghlac cuid dár ndaltaí is cliste páirt sa dúshlán mór díospóireachta náisiúnta an tseachtain seo caite, agus ó neart na n-iomaitheoirí ní bheadh ionadh orainn aon cheann acu a fheiceáil ag éirí cáiliúil mar pholaiteoirí.

Agus beidh sin suimiúil mar cheann de na hábhair dhíospóireachta a bhí ann ná: ‘Táimid ródhian ar ár gcuid polaiteoirí in Éirinn’. Ba é an ceann eile ná: ‘Is fiú saothar na coiriúlachta.’
An bhfuil baint ar bith ag na ceisteanna sin lena chéile? Ceist dóibh siúd atá soiniciúil faoi pholaitíocht b’fhéidir.

Ar an gCéadaoin, 21 Eanáir 2026 thug foirne díospóireachta ó scoileanna lán-Ghaeilge éagsúla ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán Athlone Springs i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí, chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.

Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo.
Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bhí ann ar an gCéadaoin agus ba é Cormac Ó Dúlacháin AS, Cathaoirleach – Cumann Barra na Gaeilge a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid.
Tá sean taithí ag Cormac ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé páirt iontu ina óige.

Thug Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal Corn Uisne leo chomh maith le príomhdhuais an chomórtais, arbh fhiú €1000 í.
Bhí ardchaighdeán amach is amach sa chraobh, le géariomaíocht idir Scoil Mhuire, Béal Átha ‘n Ghaorthaidh; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath.

An rún a bhí faoi chaibidil acu ná ‘Táimid ródhian ar ár gcuid polaiteoirí in Éirinn’.
Ag leibhéal na Sinsir, thug Gaelcholáiste Phort Láirge; Gaelcholáiste Luimnigh; Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga aghaidh ar a chéile ag plé an rún ‘Is fiú saothar na coiriúlachta’.
Bhí géarchomórtas ann idir na foirne agus iad beagnach ar chomhmharcanna ag an deireadh.
Mar sin bhí jab deacair le déanamh ag an gcúigear moltóir ar an oíche. Is iad sin: Eileen Mc Evilly, Féilim Mac Donncha, Liam Mac a’ Mhaoir, Áine Hensey agus Fergus Ó Conghaile.

Sa deireadh thiar thall, bhí muintir Ghaelcholáiste Luimnigh chun tosaigh. Éacht amach is amach a bhí i gceist agus Corn Gael Linn buaite acu, an chéad uair riamh a d’éirigh leis an scoil an comórtas mór le rá seo a bhuachan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.