

D’eitil scairdtrodairí (jet fighters) ó RAF na Breataine trasna aerspáis na hÉireann Dé Máirt, chun teacht ar tancaer ola Veiniséala; agus fórsaí armtha na Stát Aontaithe ag pleanáil misean chun an long a urghabháil.
Bhí na scairdtrodairí ón RAF i mbun gnímh amach ó chósta na hÉireann agus fórsaí na Breataine bainteach le feachtas na Stát Aontaithe i gcoinne Veiniséala.

Tháinig an drochscéal faoin ngníomhaíocht os cionn na hÉireann agus Teach Bán Donald Trump ag bagairt fórsa míleata a úsáid chun an Ghraonlainn (Greenland) a fháil, atá 1,300kg (930 míle) ó Éirinn.
Mar sin féin, dúirt an Tánaiste Simon Harris nach raibh sé ‘ar an eolas’ an raibh cead á lorg ag an RAF eitilt os cionn na hÉireann, de réir an Irish Daily Mail.
Dúirt sé go raibh súil aige go leanfaí na rialacha cuí. Dúirt sé freisin gurbh ábhar don Roinn Iompair é.
Tá Uachtarán na Stát Aontaithe ag iarraidh ruathar a sheoladh ar an tancaer, ar a tugadh an Bella 1 go dtí gur athraigh sé a ainm go Marinera, agus atá cláraithe anois mar long Rúiseach.

Tháinig sé thart ar 800km amach ó chósta na hÉireann Dé Máirt.
Dúirt an tUachtarán Trump gur fearr leis ‘é a ghabháil ná é a chur faoi uisce’, de réir tuairiscí SAM.
Meastar go bhfuil an tancaer folamh ach gur féidir leis suas le $50 milliún d’ola a iompar. D’athraigh sé a ‘bhratach’ agus a ainm arís agus arís eile mar gheall ar spéis SAM ann.
Is cosúil go bhfuil sé ag lorg sábháilteachta ó ruathar Meiriceánach trí iarracht a dhéanamh uiscí na Rúise a bhaint amach.
Dúirt Aireacht Ghnóthaí Eachtracha Mhoscó go bhfuil súil aige go leanfaidh tíortha an Iarthair prionsabail na saoirse loingseoireachta.
Is cosúil gurb iad pleananna SAM dul ar bord an Marinera is cúis leis an méadú tobann ar fhórsaí SAM ag aerbhunáiteanna na Breataine le cúpla lá anuas.
Thuirling deich n-aerárthach C-17 Globemaster ar a laghad ag RAF Fairford i Gloucestershire; agus thug na criúnna héileacaptair Blackhawk agus Chinook amach.
D’aithin rianairí sonraí (data trackers) eitilte aerárthach taiscéalaíochta U-2 Dragon Lady SAM a bhí ag dul go dtí bunáiteanna an RAF sa Bhreatain freisin, agus chuaigh eitleán faisnéise Poseidon P-8 isteach sa mhisean ó aerbhunáit SAM sa Spáinn.
Ach d’fhéadfadh an oibríocht a bheith contúirteach mar gheall ar dhálaí na farraige, achar an Marinera ón tír agus láithreacht fomhuireán cabhlach na Rúise sa cheantar.
Bhí an Marinera amach ó chósta na hÍoslainne oíche Dé Máirt, agus aerárthaí taiscéalaíochta na Breataine agus SAM ag ciorcalú os a chionn. In ainneoin ceithre aerárthach RAF ar a laghad a bheith páirteach sa mhisean, agus níos mó eitleán SAM ag teacht isteach sa Ríocht Aontaithe, dhiúltaigh Aireacht Cosanta na Breataine aon fhaisnéis a sholáthar.

Mar sin féin, thuar tuairiscí sna meáin sna Stáit Aontaithe ionsaí san Atlantach.
Lean ár bhFórsaí Cosanta an Marinera nuair a chuaigh sí thar 720km amach ó chósta thiar na tíre, ar iarratas SAM, de réir tuairiscí. Chuaigh eitleán C295 de chuid Aerchór na hÉireann amach le haerárthach frith-fhomhuireán (anti-submarine) P-8 Poseidon de chuild na SAM a bhí ag rianú an tancaeir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.