

Déan dearmad ar ‘Damhsa leis na Réaltaí’, baineann an t-aicsean ar fad ar TG4 le ‘Fuáil leis na Faisinistas’.
Tá Síorstíl ag teacht ar ais don dara sraith, sé sin an comórtas faisin a thugann dúshlán do dhearthóirí éadaí óga rud éigin galánta agus tarraingteach a chruthú as seanéadaí.

Agus mura n-éiríonn leo é a dhéanamh i gceart, beidh na moltóirí Deirdre Allen agus Ándría Uí Thaidhg ann chun a insint dóibh – agus dúinne freisin – an chaoi a rinne siad praiseach de!
Bí ag súil le níos mó den teannas ardluais, den drámaíocht agus de na ráigeanna mothúchán, agus na seachtar iomaitheoirí óga nua ag tabhairt aghaidh ar a chéile, bhrú an chloig agus na moltóirí diana ar Síorstíl.
Is í an láithreoir Sinéad Ní Uallacháin an t-aon duine amháin a bheidh i láthair chun iarracht a dhéanamh na daoine óga seo a chur ar a suaimhneas.
Le bheith cóir leis na hiomaitheoirí, tá Síorstíl cosúil le leagan dearadh-éadaí de The Great British Bake Off, ach le fuílleach (leftovers) an deireadh seachtaine seo caite.
D’fhéadfadh an dearthóir cáiliúil Éireannach Jonathan Anderson – stiúrthóir cruthaitheach Dior – cúpla leid a ghlacadh chun a gcuid praghsanna a laghdú.

Mar sin féin ní hamháin faisean atá i gceist le Síorstíl, ná fiú faisean ar phraghsanna is féidir linn go léir a íoc. Tá i bhfad níos mó i gceist.
Is é an smaoineamh atá taobh thiar de Síorstíl ná sinn a chur ag athmhachnamh ar ár gcur chuige i leith na faisin i saol nua-aimseartha.

Glacfaidh na hiomaitheoirí le dúshláin dearaidh éagsúla i ngach clár a dhéanfaidh tástáil ar a gcuid scileanna in inbhuanaitheacht, nuálaíocht agus stíl.
Bronnfar an duais mhór ar an dearthóir is fearr a léiríonn cumhacht chlaochlaitheach rudaí a athúsáid agus ag an am céanna an tallann chruthaitheach atá riachtanach chun éadaí ard-faisin a chruthú.
Beidh aoi-mholtóir i ngach eipeasóid freisin, in éineacht leis an ngnáthphainéal breithiúna. Ina measc seo tá daoine cáiliúla ar nós Eimear O’Reilly, Póilín Nic Géidigh, Virtue Shine, Don O’Neill, Cian Ó Gríofa, agus Ríon Hannora.

Tosóidh an chéad eipeasóid den tsraith, atá le craoladh ar an 14 Eanáir, le dúshlán dána ina mbeidh ar na dearthóirí éadaí ‘Is Mise’ an-fhaiseanta a chruthú, ag baint úsáide as na héadaí athláimhe agus athchúrsáilte a thugtar dóibh.
Cuirfidh an tasc seo ar chumas na n-iomaitheoirí a stíl phearsanta féin a léiriú ón tús.

As sin, tabharfaidh na hiomaitheoirí faoi dhúshláin nua gach seachtain ina gcuirfear tástáil ar a gcumas an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh as ábhair a bhíonn in úsáid againn gach lá a athshamhlú.
Ó fheistis a d’fheilfeadh do Bhród go dtí feistis a bheadh feiliúnach d’fhéile mhór Afracach, níl deireadh ar bith leis na deiseanna.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.