

D’fhéadfadh Evan Ferguson agus Troy Parrott a bheith ar a mbealach ar ais go dtí an Premier League, de réir tuairiscí san Eoraip.
Maíonn meáin na hIodáile go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil tréimhse iasachta Evan Ferguson ag Roma ag teacht chun deiridh roimh am agus go mbeidh sé ag fhilleadh ar Brighton.

Chomh maith leis sin creideann meáin na Spáinne go bhféadfadh a chomh-ionsaitheoir Éireannach, Parrott, a bheith ag fágáil an fhoireann Ísiltíreach AZ Alkmaar le filleadh ar Tottenham Hotspur.
Tá Ferguson ag taisteal leis na Giallorossi go Glaschú do chluiche Sraith Europa i gcoinne Celtic Dérdaoin, ach mhaígh an foilseachán Iodálach La Gazzetta dello Sport go bhfuil an club tar éis teagmháil a dhéanamh le Brighton maidir le Ferguson ag filleadh ar na Seagulls i mí Eanáir.
Tá teagmháil déanta ag Roma le Joshua Zirkzee ó Manchester United agus Giacomo Raspadori ó Atletico Madrid, chun iad a fháil.
Ach mar gheall ar sin bheadh orthu áit a shaoradh san fhoireann, rud a chiallaíonn go gceadaítear do Ferguson filleadh ar Brighton, in ainneoin dó dul isteach sna fathaigh Serie A ar iasacht séasúir le rogha €40m chun í a dhéanamh buan an samhradh seo chugainn.

Idir an dá linn, tá tóir mhór ar Parrott ar fud na hEorpa mar gheall ar na scileanna atá aige don chlub agus don tír seo.
Tuigtear go bhfuil roinnt clubanna sa Bundesliga ag iarraidh é a shíniú ach tá na meán Spáinneach ag tuairisciú go bhféadfadh Parrott a bheith ar ais chuig a shean fhoireann, Tottenham Hotspur, i margadh ar fiú €35 milliún é.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.