Tá Stephen Kenny agus James McClean ag seasamh an fhóid i gcoinne cáinteoirí fhoireann na hÉireann agus ag rá gur féidir le hÉirinn éirí go maith san Eoraip go fóill.
Dúirt Kenny go bhfuil sé ag súil le leanúint ar aghaidh mar bhainisteoir.
Mar sin féin, d’admhaigh sé freisin: ‘Uaireanta déanaimid an saol deacair dúinn féin.’
Tar éis an bua i gcoinne Giobráltar 3-0 tá sé ag tnúth le Meán Fómhair ‘eipic’ le dhá chluiche mhóra, in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre.
Chuir athrú ag leath ama sa chluiche in aghaidh Ghiobráltar, agus teacht Mikey Johnston, deireadh leis an eagla nach mbeadh an bua againn.
Níor scóráil Éire go dtí an 52 nóiméad nuair a chuir Johnston an liathróid sa líontán.
Ina dhiaidh sin bhí cúl ó Evan Ferguson (58 nóiméad) agus Adam Idah in am breise.
Mar sin féin, ba é ár gcéad bua i nGrúpa B agus bhí sé i gcoinne na foirne is measa sa ghrúpa.
Agus fiú i ndiaidh an bhua ní raibh mórán meas do fhoireann nó bainisteoir na hÉireann ag tráchtairí de chuid RTÉ Didi Hamann agus Liam Brady, a bhí ag déanamh a gig deireanach do RTÉ.
Mar sin féin, mothaíonn Kenny go bhfuil an seans fós ann i mí Mheán Fómhair.
‘Is cluichí móra iad, an Fhrainc i bPáras Déardaoin, an Ísiltír anseo ar an Domhnach, dhá chluiche eipiciúil i dtréimhse trí lá. Is féidir aon rud a thárla,’ arsa Kenny.
Agus glacann sé leis go gcaithfidh Éire feabhsú.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Rodgers ar ais leis na Bhoys – agus Celtic ag amharc go dóchasach ar an am atá le teacht
‘Uaireanta déanaimid an saol deacair dúinn féin. Níl leibhéal comhsheasmhachta bainte amach againn agus is fadhb dúinne é sin,’ a dúirt sé.
‘Bhí sé tábhachtach gur scóráil Adam Idah a chéad chúl, Mikey Johnston a chéad chúl agus an chéad chúl i gcluiche iomaíoch ag Evan Ferguson.
‘Tá sé (Ferguson) fós ag foghlaim faoin pheil idirnáisiúnta. Tá sé chomh óg, fós 18, agus tá todhchaí spreagúil aige.
‘Bhí sé tábhachtach freagairt ar an mbealach ceart. Ar ndóigh bhíomar ag súil leis an bua ar Giobráltar, an fhoireann is ísle sa ghrúpa.
‘Rinneamar deacrachtaí dúinn féin oíche Dé hAoine. Caithfidh an Ghréig imirt ar an Ollainn faoi dhó. Caithfimid an Ollainn a imirt faoi dhó. Is é mo thuairim go mbeidh an bua ag an bhFrainc ar an ngrúpa. Tá gach seans againn fós.’
Rinne James McClean a 100ú láithreas, agus an captaenacht, le dhá ‘assists’ agus thug foireann agus imreoirí na hÉireann garda onóra tuillte dó ag an bhfeadóg dheireanach.
Ceapann McClean freisin go mbeidh seans fós ag Éirinn i nGrúpa B, áit atá an Fhrainc chun tosaigh ar 12 phointe tar éis dóibh an bua a fháil in aghaidh na Gréige 1-0 ar Dé Luan.
‘Tá claonadh againn léim chuig conclúidí go háirithe nuair is toradh diúltach é,’ a dúirt sé.
‘Tá go leor cluichí le himirt againn. Tá an Ghréig againn anseo sa bhaile, an Ollainnis faoi dhó agus an Fhrainc arís.
‘Beidh pointí le baint as a chéile. Caithfimid a chinntiú go bhfuil níos lú pointe bainte uainn.’
Mhothaigh Jason Knight, Fear na gCluiche in Éirinn, gurbh é an toradh a bhí air ná ‘an freagra a theastaigh uainn’ tar éis bua na Gréige.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.